An difríocht idir athruithe ar: "Caeisiam"
m róbat ag mionathrú: yo:Caesium→yo:Kesium |
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: am:ሴሲየም |
||
Líne 22: | Líne 22: | ||
[[af:Sesium]] |
[[af:Sesium]] |
||
[[am:ሴሲየም]] |
|||
[[an:Cesio]] |
[[an:Cesio]] |
||
[[ar:سيزيوم]] |
[[ar:سيزيوم]] |
Leagan ó 12:09, 8 Meán Fómhair 2012
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an caeisiam dúil uimhir a 55, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Cs. Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Tá imoibriú an chaeisiam leis an uisce, arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.
Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadh iseatóp radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidh thubaiste Chernobyl. Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná 133Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil 134Cs ar ceann de na núiclídí is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.
Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focal Laidine é caesius a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".
Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós. Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR