An difríocht idir athruithe ar: "Eugen Bleuler"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ko:오이겐 블로일러
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: la:Eugenius Bleuler
Líne 33: Líne 33:
[[ko:오이겐 블로일러]]
[[ko:오이겐 블로일러]]
[[ku:Eugen Bleuler]]
[[ku:Eugen Bleuler]]
[[la:Eugenius Bleuler]]
[[nl:Eugen Bleuler]]
[[nl:Eugen Bleuler]]
[[pl:Eugen Bleuler]]
[[pl:Eugen Bleuler]]

Leagan ó 09:55, 5 Meán Fómhair 2012

Eugen Bleuler

Bhí Paul Eugen Bleuler (rugadh 30 Aibreán 1857 agus fuair bás 9 Feabhra 1940) ina shíciatraí san Éilvéis. Chuir se go mór le tuiscint ghalair intinne agus d’ainmnigh sé an galar scitsifréine in alt dar teideal Dementia Praecox oder Gruppe der Schizophrenien sa bhliain 1911.

Rugadh i mbaile beag Zollikon é, in aice le Zürich. Bhain sé céim amach sa leigheas in Ollscoil Zürich sa bhliain 1881 agus lean se lena chuid staidéireacht i bPáras, Londain agus München sular fhill sé ar Zürich mar intéirneach in Burghölzi, otharlann ollscoile. Sa bhliain 1886 rinneadh stiúrthóir de i dteach na ngealt ag Rheinau, agus thug sé faoi ag feabhsú chúraim na hothair. Tugadh faoi ndeara a dheathionchar ar an tséirbhís agus dfhill sé ar Burghölzli sa bhliain 1898 mar stiúrthóir, áit ar fhostaigh sé Carl Jung mar intern.

Chum sé an téarma scitsifréine don ghalar intinne ar a ghlaoíadar Néaltrú Praecox go dtí sin. Thuig sé nach raibh néaltrú i gceist agus nár thosaigh sé sna hóig (Praecox) i gcónaí. As Gréigis, ciallaíonn Schizo deighilt agus ciallaíonn Phrene intinn.

Dúradh freisin gurb eisean a chum an téarma uathachas in alt a foilsíodh sa bhliain 1912.

Deirtear gur músclaíodh a shuim sna hábhair seo de bharr ghalair intinne a dheirfiúr. Lean a mhac, Manfred Bleuler, ar aghadidh lena shaothar tar éis a bháis. Bhí Eugen Bleuler den tuairim nach raibh deighilt shoiléir idir galar intinne agus intinn fholláin in ainneoin go raibh a mhalairt de thuairim coitianta lena linn.