An difríocht idir athruithe ar: "Martin (cathair sa tSlóvaic)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ko:마르틴 (슬로바키아)
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: es:Martin (Eslovaquia)
Líne 38: Líne 38:
[[en:Martin, Slovakia]]
[[en:Martin, Slovakia]]
[[eo:Martin]]
[[eo:Martin]]
[[es:Martin (Eslovaquia)]]
[[et:Martin]]
[[et:Martin]]
[[fi:Martin (kaupunki)]]
[[fi:Martin (kaupunki)]]

Leagan ó 20:00, 22 Lúnasa 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha Cathair sa tSlóvaic atá i Martin, nó Turčiansky Svätý Martin ("Naomh Máirtín chois Turiec"), mar a bhí ar an áit go dtí an bhliain 1950. Tugann na hUngáraigh Turócszentmárton ar an gcathair, agus is é Turz-Sankt-Martin an seanainm Gearmáinise. Bhí timpeall 60 míle duine ina gcónaí ansin sa bhliain 2006. Dearctar ar an áit mar lárionad tábhachtach cultúrtha, ós ansin a bunaíodh forais cosúil le Músaem Náisiúnta na Slóvaice agus Matica Slovenská ("An Mháthairthír Shlóvacach"), eagraíocht athbheochana na teanga, thiar sa naoú haois déag. Inniu féin, tá leabharlann náisiúnta na Slóvaice ag oibriú i Martin, chomh maith le ceanncheathrú Matica.

Tá Martin suite in iardheisceart na Slóvaice, 30 ciliméadar soir ó theas ó Žilina, 60 ciliméadar siar ó thuaidh ó Banská Bystrica, agus 230 ciliméadar soir ó thuaidh ón mBratasláiv, príomhchathair na Slóvaice. Ritheann an dá shliabhraon úd Veľká Fatra agus Malá Fatra in aice leis an gcathair, agus le teacht an gheimhridh, bíonn idir mhuintir na háite agus na turasóirí ón gcoigríoch ag tabhairt aghaidh ar na sléibhte le dul ag scíáil.