An difríocht idir athruithe ar: "Cabála"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ta:கப்பலா
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: th:คับบาลาห์
Líne 73: Líne 73:
[[sv:Kabbala]]
[[sv:Kabbala]]
[[ta:கப்பலா]]
[[ta:கப்பலா]]
[[th:คับบาลาห์]]
[[tl:Kabbalah]]
[[tl:Kabbalah]]
[[tr:Kabbala]]
[[tr:Kabbala]]

Leagan ó 19:50, 22 Lúnasa 2012

Is éard atá i gceist leis an gCabala ná disciplín nó scoil smaointeoireachta a chuireann béim ar leith ar thaobh misteach an Ghiúdachais Raibínigh, is é sin, ar an teagasc misteach a fhaightear i scríbhinní áirithe diamhra nach nglactar leo mar chuid de chanóin an Ghiúdachais cé go bhfuil baint acu leis an traidisiún Giúdach. Ní féidir a rá gur sainchreideamh nó sainaicme chreidimh é an Cabala, nó bíonn dreamanna éagsúla creidimh ag tarraingt ar an litríocht Chabalach, agus difríochtaí móra idir na cineálacha éagsúla Giúdachais ó thaobh an Chabala de. Is iad na Giúdaigh Hasadacha - saindream misteach creidimh a tháinig ar an bhfód san ochtú haois déag faoi cheannas an raibí Úcránaigh Baal Shem Tov - is mó a dhéanann staidéar ar na téacsaí Cabalacha, agus scríobh smaointeoirí Hasadacha a lán ábhair nua den chineál seo.

Iad siúd a bhíonn ag plé leis an gCabala deir siad gurb í an eochair a mhíneoidh fíor-theachtaireacht an tSean-Tiomna. Cuireann siad béim ar chomh furasta agus atá sé an chiall mhícheart a bhaint as an gCabala, agus go traidisiúnta, ní raibh cead ach ag daoine meánaosta agus níos sine staidéar a dhéanamh ar an ábhar Cabalach. Chaithfidís bheith eolach ar na téacsaí Giúdacha eile, cosúil leis an Sean-Tiomna agus an Talmúd, sula gcromfaidís ar an gCabala.

Inniu, áfach, glactar leis gurb í an popamhránaí Madonna an duine is cáiliúla a bhíonn ag plé leis an gCabala. Fuair sise agus a lán daoine cáiliúla eile i gCalifornia an chéad aithne ar an gCabala tríd an Kabbalah Centre, ionad teagaisc i Los Angeles. Ba iad an raibí Philip Berg agus a bhean chéile Karen a bhunaigh an t-ionad seo, agus iad barúlach nár chóir an Cabala a choinneáil ceilte ar aon duine, smaoineamh nach dtaitníonn le húdaráis sheanbhunaithe an reiligiúin Ghiúdaigh.



Teimpléad:Nasc AR