An difríocht idir athruithe ar: "Eaglais na hÉireann"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: uk:Церква Ірландії
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: zh:愛爾蘭教會
Líne 26: Líne 26:
[[sv:Irländska kyrkan]]
[[sv:Irländska kyrkan]]
[[uk:Церква Ірландії]]
[[uk:Церква Ірландії]]
[[zh:愛爾蘭教會]]
[[zh:愛爾蘭教會]]

Leagan ó 05:38, 17 Lúnasa 2012

Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, eaglas aspalda Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Cuireadh ar bun ar dtús í mar chraobh d'Eaglais Shasana, agus mar sin níl Eaglais na hÉireann gníomhach ach in Éirinn. Tá an eaglais eagraithe i ndeoisí, agus easpag i mbun gach ceann acu. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann. Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath, agus Ardeaspag i gceannas orthu araon. Tá 12 deoise inti agus 422 paróiste.

Bhí Eaglais na hÉireann aitheanta ag rialtas na Breataine mar eaglais oifigiúil na hÉireann ó aimsir an tAthleasú Creidimh sa 16ú haois go dtí gur díbhunaíodh í sa bhliain 1829. Cuireadh béim ó thús ar theanga na ndaoine a úsáid i searmanais agus i bpaidreacha agus dá bhrí sin rinneadh aistriúchán ar Leabhar na nUrnaithe Coitianta agus ar an Tiomna Nua go Gaeilge. Tá Leabhar na nUrnaithe Coitianta ar fáil i nGaeilge i gcónaí, agus rinne baill ghníomhacha na hEaglaise an-obair chun ábhar creidimh agus eile a sholáthar i nGaeilge ó thús. Chuir Coslett Ó Cuinn aistriúchán nua den Tiomna Nua ar fáil i 1970.