An difríocht idir athruithe ar: "Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
Líne 103: Líne 103:
[[vep:Kezaolimpiad-2012]]
[[vep:Kezaolimpiad-2012]]
[[vi:Thế vận hội Mùa hè 2012]]
[[vi:Thế vận hội Mùa hè 2012]]
[[yi:זומער אלימפיאדע 2012]]
[[yo:Àwọn Ìdíje Òlímpíkì Ìgbà Oru 2012]]
[[yo:Àwọn Ìdíje Òlímpíkì Ìgbà Oru 2012]]
[[zh:2012年夏季奥林匹克运动会]]
[[zh:2012年夏季奥林匹克运动会]]

Leagan ó 15:43, 30 Iúil 2012

Clog Chluichí Oilimpeacha 2012 i gCearnóg Trafalgar, Londain, 2012. Taispeánann sé cé mhéad laethanta, uaireanta, nóiméid agus soicind atá fágtha go dtí tús na gcluichí.

Tionólfar Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012Cluichí an Tríochadú Oilimpiaid i Londain, sa Ríocht Aontaithe, ó 27 Iúil go 12 Lúnasa, 2012. Is é seo an chéad uair a mbeidh na cluichí ar siúl trí huaire in aon chathair amháin mar tionóladh i Londain cheana, sna blianta 1908 agus 1948.

Beidh 204 coiste Oilimpeach náisiúnta ag cur lúthchleasaithe chuig cluichí Londan, an líon coistí céanna agus a bhí páirteach i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2008 i mBéising. Díscaoileadh Coiste Oilimpeach Aintillí na hÍsiltíre ó shin ach beidh coiste Bhrúiné ag glacadh páirte sna cluichí an uair seo. Níl coiste Oilimpeach ag an tSúdáin Theas go fóill. Beidh trí lúthchleasaí as oileáin Aintillí na hÍsiltíre agus duine amháin as an tSúdáin Theas páirteach i Londain, mar sin féin, agus iad ag glacadh páirte faoi bhratach an Choiste Oilimpigh Idirnáisiúnta.

Tá breis agus 10,000 lúchleasaí le bheith páirteach sna cluichí. Is í Foireann na Breataine Móire an fhoireann bhaile agus an fhoireann is mó, agus 541 lúthchleasaí ar an bhfoirann. Is í an t-aon fhoireann a mbeidh a baill páirteach i ngach ceann de na 26 spórt Oilimpeach. "An Bhreatain Mhór" a roghnaíodh, seachas "an tAontas Aontaithe", cé go bhfuil daoine as Tuaisceart Éireann, Manainn, Geirsí agus coilíneachtaí thar lear ar an bhfoireann. Ag na Stáit Aontaithe an dara foireann is mó agus 530 lúthchleasaí urthi. Tá 66 duine ar Fhoireann Phoblacht na hÉireann agus iad ag iomaíocht i 14 spórt.

Naisc Sheachtracha


An Pháirc Oilimpeach i Londain