An difríocht idir athruithe ar: "Clochaois"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
TjBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: diq:Dewrê Sal
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag mionathrú: diq:Dewrê Kemere
Líne 56: Líne 56:
[[da:Stenalder]]
[[da:Stenalder]]
[[de:Steinzeit]]
[[de:Steinzeit]]
[[diq:Dewrê Sal]]
[[diq:Dewrê Kemere]]
[[el:Εποχή του Λίθου]]
[[el:Εποχή του Λίθου]]
[[en:Stone Age]]
[[en:Stone Age]]

Leagan ó 09:45, 30 Iúil 2012

Sí an Bhrú, i mBrú na Bóinne.

Is ré leathan réamhstairiúil í an Chlochaois, ina raibh daoine ag brath ar chloch chun uirlisí agus airm a dhéanamh. Mar shampla, bhíodh feidhm á bhaint as breochloch agus seirt le haghaidh uirlisí agus airm, agus basalt agus gaineamhchloch chun brónna a dhéanamh le haghaidh cócaireachta. Chomh maith leis na hábhair seo, bhí adhmad, cnámh, sliogán, beann agus rudaí eile in úsáid. Sa chuid is déanaí den aois, thosaigh daoine ag déanamh criadóireachta as cré nó dríodair eile.

Tosaíonn an Chlochaois idir 2.7 agus 2.58 milliún bliain ó shin nuair a bhaineadh feidhm as uirlisí cloiche don chéad uair i nGona na hAetóipe. Críochnaíonn an aois le forbairt na talmhaíochta, ceansú ainmhithe áirithe agus bruithniú mhian chopair chun miotal a chruthú.

Croineolaíocht

Roinneann na staraithe an aois seo ina trí ré, rud a bhí molta don chéad uair ag John Lubbock ina leabhar Pre-historic Times (1865).

An tSean-Chlochaois (Pailéiliteach)

Uirlisí cloiche

Tagann an focal Pailéiliteach ón nGréigis παλαιός, palaios, "sean"; agus λίθος, lithos, "cloch", is é sin "seanaois na cloiche". Ré réamhstairiúil atá inti ina bhfeictear forbairt in uirlisí cloiche. Cuimsíonn sé an chuid is mó de stair an chine daonna ar Domhan (99%), ag tosú timpeall 2.5 nó 2.6 milliún bliain ó shin leis na céad uirlisí cloiche in úsáid ag homainidí ar nós Homo habilis, suas go dtí tosú na talmhaíochta timpeall na bliana 10,000 RC.

Roinntear níos faide í mar seo:

  • Ré Phailéiliteach Íochtar
  • Ré Phailéiliteach Mheán
  • Ré Phailéiliteach Uachtar

An Meán-Chlochaois (Méisiliteach)

Thosaigh an Meán-Chlochaois 10,000 bliain ó shin ag deireadh na hoighearaoise is déanaí, agus mhair sé go dtí 6,000 bliain ó shin. Bhí an timpeallacht ag athrú le ardú le feiceáil i leibhéil na mara agus bhí gá teacht ar fhoinsí bhia nua. Chun dul i ngleic leis na hathruithe seo, thosaigh daoine ag baint feidhm as micrilití, is é sin uirlisí cloiche a bhí ní ba bhige agus sofaisticiúla.

An Nua-Chlochaois (Neoiliteach)

Príomhalt: An Nua-Chlochaois



An Réamhstair

An Chlochaois | An Chré-umhaois | An Iarannaois

Teimpléad:Link GA