An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Ryanaxp (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 138: Líne 138:
[[hu:Írország]]
[[hu:Írország]]
[[it:Repubblica d'Irlanda (Éire)]]
[[it:Repubblica d'Irlanda (Éire)]]
[[ja:アイルランド]]
[[la:Irlandia]]
[[la:Irlandia]]
[[lt:Airija]]
[[lt:Airija]]

Leagan ó 16:53, 21 Nollaig 2004

Éire
Ireland
Bratach na hÉireann Armas na hÉireann
(Bratach)
Mana náisiúnta: Éire go deo (neamhoifigiúil)
Íomhá:SuíomhÉireann.png
Teangacha Oifigiúla Gaeilge, Béarla
Príomhchathair Baile Átha Cliath
Cathair is mó Baile Átha Cliath
UachtaránMáire Mhic Ghiolla Íosa
Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn, TD
Achar
 - Iomlán
 - % uisce
Ag uimh. 117
70,273 km²
2%
Daonra


 - Iomlán (2002)


 - Dlús
Ag uimh. 121
3,917,336
56/km²
Neamhspleáchas

 - Dáta
Conradh Angla-Éireannach
6 Nollaig, 1921
Airgeadra Euro(€)¹, Boinn Euro Éireannacha
Crios ama AET (UTC+1; UTC sna geimhrí)
Amhrán Naisiúnta Amhrán na bhFiann
Réimse Idirlín .ie
Cód teileafóin353
(1) Roimh 1999: Punt

Is stát í Éire (Ireland i mBéarla), ar an gcuid is mó d'oileán na hÉireann, amach ó chósta iar-thuaidh na hEorpa. Is le Tuaisceart Éireann, atá laistigh den Ríocht Aontaithe, an chuid eile den oileán. Éire an teideal oifigiúil atá ar an stát as Gaeilge (as Béarla, Ireland) – leis an gcur síos oifigiúil, Republic of Ireland (Poblacht na hÉireann), as Béarla. Cé gur fhan an Phoblacht neamhspleách le linn an Dara Chogaidh Domhanda agus cogaí eile ó shoin, is ballstát de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach í an Phoblacht, ach ní dheachaigh sí isteach i NATO, ar eagraíocht míleata é.

Stair

Príomhailt: Stair na hÉireann, Stair Phoblacht na hÉireann

Tháinig an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) de réir eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den fichiú aois.

Ón 1 Eanáir 1801 go dtí an 6 Mí na Nollag 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe Éire. I 1919, shocraigh an chuid is mó de Fheisirí Parlaiminte Éireann, a toghadh in ollthoghchán na Breataine, 1918, a suíocháin i bParlaimint na Breataine a dhiúltiú. Ina h-áit bhunaigh siad parlaimint Éireannach breis-dhleathach, Dáil Éireann. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach in ainm Poblachta Éireannaigh. I ndáiríre, níor tugadh a lán aithne idirnáisiúnta don phoblacht seo. Tar éis an Chogaidh Angla-Éireannach (An Cogadh Neamhspleáchais nó Cogadh na Saoirse), rinne ionadaithe rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais Éireannaigh, a bhí dleathach agus féinrialaitheach faoi stádas chríochach (dominion status).

Cruthaíodh stát nua Éireannach, 'Saorstát Éireann' (as Béarla: Irish Free State). Bhí sé ar intinn an oileán go léir a chur faoin Saorstát, ach le rogha ag 'Tuaisceart Éireann' (a cruthaíodh de réir Acht Rialtais na hÉireann 1920, agus ina raibh 6 des na 9 chontaethe in Uladh) fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe - rud a thogh siad láithreach. Sa chaoi sin, is le Saorstát Éireann a bhí na 26 chontaethe eile; monarcacht bunreachtúil faoi smacht ríocht na Breataine (ach leis an dteideal Rí Éireann tar éis 1927). Ag an stát seo bhí Rialtóir Ginearálta (i mBéarla, Governor-General), parlaimint le dhá sheomra, aireacht ar a raibh an teideal Executive Council (Comhairle Gnóthaí), agus príomh-aire leis an teideal Uachtarán na Comhairle Gnóthaí (President of the Executive Council). Bunreacht Shaorstáit Éireann a thugtar ar bhunreacht an stáit seo.

Ar an 29 Nollaig 1937 tháinig bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, i bhfeidhm. Cruthaíodh stát nua, ar a dtugtar Éire, in áit Saorstáit Éireann. Sa bhunreacht, bhí áis ann i gcomhair oifig nua, Uachtarán na hÉireann, in áit an rí. Ina ainneoin seo, ní poblacht a bhí sa stát seo. De réir an dlí, bhí an príomhphost atá ag ceann an stáit – ag déanamh ionadaíocht ar son an stáit go h-idirnáisiúnta – fós ag an Rí mar theachta. Ar an 1 Aibreán 1949 d'fhógair Acht Poblachta na hÉireann Éire mar phoblacht, leis na postanna a bhí ag Rí na hÉireann roimhe sin tugaithe do Uachtarán na hÉireann.

Cé go raibh Éire fós mar theideal oifigiúil ag an stát (Airteagal 4, "Éire is ainm don stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland" [1]), tháinig an téarma Republic of Ireland (gan ann ach cur síos oifigiúil ar an stát nua) in úsáid mar a hainm as Béarla. Agus an Phoblacht ag baint úsáide as an téarma Ireland chun cur síos uirthi féin as Béarla, go háirithe le h-ábhair taidhleoireachta (mar shampla President of Ireland agus Constitution of Ireland), ní úsáideann a lán stáit eile an téarma sin, de bharr Ireland eile, Northern Ireland a bheith ann. Chomh maith, d'fhógair bunreacht 1937 gur pháirt dleathach den stát Tuaisceart Éireann. Dá bhrí sin, shíl an stát seo go mbeadh sé ag tabhairt aithne don dearcadh sin dá n-úsáidfeadh sé an téarma Ireland, ag chur stuaic ar an lucht sa tuaisceart. Scriosadh an chuid sin den bunreacht, Airteagal 2 agus 3, i 1999.

Ba bhallstát den Comhlathas Bhriotanach Saorstát Éireann/Éire fós, go dtí fógraíocht na Poblachta i mí Aibreán 1949. De réir rialacha an Chomhlathais ag an am sin, chuir aon fhógraíocht poblachta deireadh le ballraíocht sa Chomhlathas. Tharla sé seo roimh athrú na rialacha chun poblacht nua na hIndia a choimeád sa Chomhlathas. Fiú má chuaigh ballraíocht na hÉireann chun deiridh gan aon iarratas ar bhallraíocht nua, choimeád sí roinnt mhór de bhuntáistí na ballraíochta. Inniu féin, is féidir le saoránach Éireannach atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe gach ceart atá ag saoránach Bhriotanach a éileamh, fiú amháin seasamh i dtoghcháin áitiúla agus parlaiminte agus páirt a ghlacadh in airm na Breataine.

Ghlac Éire a ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus sa Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach (an Aontas Eorpach anois) i 1973. Tá aontas na hÉireann iarraithe go síochánta ag rialtais Éireannacha agus iad ag cabhrú leis an mBreatain i gcoinne na caismirtí foréigneacha idir ghrúpaí paraimíleatacha i dTuaisceart Éireann – a dtugtar Na Trioblóidí orthu. Tá na rialtais ag cur aontú síochána do Thuaisceart Éireann, Aontú Béal Feirste, lenar aontaigh an Phoblacht agus an Tuaisceart i 1998 i reifrinn, i bhfeidhm faoi láthair, cé go bhfuil moilliú air de bharr easaontais, go háirithe i measca na nAontachóirí.

Polaitíocht

Is poblacht í Éire, le córas parlaiminte mar rialtas aici. Toghtar Uachtarán na hÉireann, a freastalaíonn mar cheann stáit, i gcomhair tréimhse 7 mbliana, le cead seasaimh arís uair amháin eile. Is post ainmniúil í an Uachtarán don chuid is mó, ach tá roinnt smacht agus feidhmeanna aige de réir an bhunreachta, le cabhair ó Chomhairle an Stáit, ionad comhairleora. Ceaptar an príomhaire, an Taoiseach, ag an Uachtarán tar éis moladh an Dáil. Go hiondúil, is ceannaire páirtí polaitíoch é an Taoiseach, nó ceannaire comhrialtas a bhuann an méid is mó suíochán sna toghcháin náisiúnta.

Is iad an seanad, Seanad Éireann, agus an teach ionadaithe, Dáil Éireann, dá sheomra an pharlaimint, an Oireachtas. Tá 60 sa Seanad; 11 molta ag an Taoiseach, 6 tofa ag na hollscoileanna náisiúnta, agus 43 tofa ó chláranna iarrthóirí atá bunaithe de réir córas gairmiúil. Sa Dáil tá 166 Teachtaí Dála, nó sa Bhéarla – Deputies, tofa mar ionadaithe dáilcheantair ilsuíocháine, de réir ionadaíocht chionmhar cruthaithe ag úsáid an Vóta Aonair Inaistrithe. Faoi Bhunreacht na hÉireann, 7 mbliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin parlaiminte – ach is féidir tréimhse níos giorra a chur i ndlí. Faoi láthair, is í 5 bliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin.

De réir na bunreachta, tá teorann de 15 duine sa Rialtas. Ní féidir le níos mó na dhá fheisire den Rialtas a bheith ón Seanad, agus is gá don Taoiseach, an Tánaiste (leas-phríomhaire) agus an tAire Airgeadais a bheith ón Dáil. Faoi láthair, tá comhrialtas dhá pháirtí sa rialtas; Fianna Fáil faoin Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn, agus an Páirtí Daonlathach faoin Tánaiste Máire Ní Áirne. Sa bhfreasúra sa Dáil inniu is iad Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre na páirtithe is mó. Sa dáil freisin tá roinnt páirtithe níos lú, mar shampla Sinn Féin agus an Comhaontas Glas.

Contaethe

Íomhá:Éire.jpg
An t-Oileán na hÉireann

Déantar cur síos ar 26 contaethe go tradisiúnta i bPoblacht na hÉireann – úsáidtear fós iad in ngnónna cultúrtha, stairiúla agus spóirt. I dtaobh rialtas áitiúla de, deineadh roinnt deighilt, le contae Átha Cliath briste suas i gceathair contaetha nua sna nóchaidí, agus contae Thiobrad Árann roinnte i leath leis na glúnta, rud a fhágann 30 roinn sa Phoblacht:

Tíreolaíocht

Léarscáil Éireann
Léarscáil Éireann

Tá achar níos mó ná 84,421 km² ag oileán na hÉireann – le cúig séú chuid den oileán sa Phoblacht agus an chuid eile i dTuaisceart Éireann. San iarthar, is é an tAigéan Atlantach a thugtar ar an muir. San oirthuaisceart, ritheann sí isteach i Sruth na Maoile. Amach ón oirthear luíonn Muir Éireann a cheanglaíonn arís leis an Aigéan trí Mhuir na Breataine agus an Mhuir Cheilteach. Tá aillte, cnoic agus sléibhte beaga sa tír (is é an tsliabh is airde ná Corrán Tuathail atá 1,041 m ar airde). I lár na tíre tá portaigh, agus roinnt talún oiriúnach do churadóireacht, go háirithe san oirthear. Sruthann roinnt mhaith abhainn trí lár na tíre – mar shampla, an tSionainn, agus tá roinnt locha móra ann chomh maith.

Athraíonn Sruth an Atlantaigh Thuaidh an aeráid measartha áitiúil, atá éadrom go leor. Is annamh a bhíonn na samhraidh ró-the, ach ní go minic a bhíonn an tír feannta ina hiomlán sa geimhridh. Bíonn báisteach ann go minic, le suas le 275 laethanta le bháisteach i roinnt ceantair den tír. Is iad na príomh chathreacha ná an príomhchathair Baile Átha Cliath ar an gcósta thoir, cathair Chorcaí sa deisceart, Gaillimh agus Luimneach ar an gcósta thiar, agus Port Láirge san oir-dheisceart (féach ar Cathracha in Éireann).

Eacnamaíocht

Eacnamaíocht beag agus nua-aimseartha, a bhraitheann ar thráchtáil is ea eacnamaíocht na hÉireann, le méan-fhás de bheagnach 10% sa thréimhse 1995-2000. Ba í an talmhaíocht an roinn ba thábhachtaí go stairiúil, ach faoi láthair tá i bhfad níos mó tionscal, le 38% d'olltáirgeacht intíre (OTI), timpeall is 80% d'easpórtáil, agus 28% den lucht oibre. Cé gur easpórtáil an príomh-inneall d'fhorás láidir na tíre, tá an eacnamaíocht ag dul i bhfeabhas de bharr ardú i gcaiteachas tomhaltais agus de bharr athbheochan sa bhfoirgníocht agus in infheistíocht gnó.

Le deich mbliana anuas, tá roinnt cláracha eacnamaíocha curtha ar bun ag an Rialtas, chun srian a chur le bhoilsciú, eire cánach a laghdú, caiteachas an Rialtais mar chéatadán d'olltáirgíocht intíre a laghdú, lucht oibre níos oilte a fhorbairt agus infheistíocht eachtrach a chur chun cinn. Thosaigh Éire, maraon le 11 náisiúin Eorpach eile, ag úsáid an eoró mar airgeadra ó mhí Eanáir 1999 (cuireadh tús le boinn agus nótaí nua ó 2001). I rith na nóchaidí, de bharr an fháis eacnamaíochta láidir, tugadh an ainm "An Tíogair Ceilteach" ar eacnamaíocht na tíre. Bhí tionchar mór ag moilliú eacnamaíoch an domhain, a thosaigh i 2001, ar eacnamaíocht na hÉireann, go mór mór sa roinn easpórtáil teicneolaíochta – baineadh beagnach leath den ráta fáis. Ní raibh fás chomh holc sin i dtaobh OTI, le ráta timpeall 6% i 2001 agus 2002 - ach i 2003, measadh an ráta a bheith timpeall 2%. Ó 2001 ar aghaidh, tá ráta an-íseal i dtaobh olltáirgeacht náisiúnta (OTN). [2]

Pobal

Is de bhunadh Cheilteach an chuid is mó de mhuintir na hÉireann, ach tá mionlach de bhunadh Shasanach. Is iad an Gaeilge, an teanga Cheilteach dúchasach, agus Béarla, a bhfuil stádas tánaisteach aige, teangacha oifigiúla na tíre. Tá gá Gaeilge a fhoghlaim sa chóras oideachas, ach labhraítear Béarla don chuid is mó. Tá comharthaí poiblí dátheangach go forleathan, agus tá Gaeilge sna meáin chumarsáide anois chomh maith. Níl ach roinnt pobail beaga, Gaeltachtaí, an chuid is mó acu ar chósta iartharach na tíre, ina labhraítear Gaeilge go forleathan.

Go hoifigiúil, is Caitlicigh 92% den daonra. Ach tá laghdú mór tagaithe ar thacaíocht don chreideamh i measc Chaitlicigh na hÉireann. Idir 1996 agus 2001, laghdaigh gnáth-freastal, a bhí ag laghdú cheana, ó 60% go 48% (bhí sé níos mó ná 90% i 1973), agus ní raibh ach dhá chliarscoil nach raibh dúnta, nó chun dúnadh i gceann tamaill bhig. Gortaíodh an eaglais go dona chomh maith sna nóchaidí, le sraith scannail gnéasach, agus le cúiseanna de forcheilt i gcoinne a gcliarlathas. I 1995, tar éis cosc a lean 58 bliana, shocraigh vótálaithe colscaradh a dhéanamh dleathach arís.

Is í an Eaglais Anglacánach, a bhí ag dul i laghdad ar feadh an chuid is mó don fichiú aois, an dara creideamh is mó sa tír. Tá an Eaglais sin ag méadú arís anois, de réir daonra 2002, chomh maith le sainchreidimh Chríostaíocha eile agus Ioslamachas. Tá an pobal beag Giúdach in Éireann ag dul i laghdad fós. Féach freisin creideamh.

Naisc seachtracha