An difríocht idir athruithe ar: "Plinias Óg"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag mionathrú: da:Plinius den yngre
Líne 45: Líne 45:
[[he:פליניוס הצעיר]]
[[he:פליניוס הצעיר]]
[[hr:Plinije Mlađi]]
[[hr:Plinije Mlađi]]
[[hu:Ifjabb Plinius]]
[[hu:Caius Plinius Caecilius Secundus]]
[[hy:Պլինիոս Կրտսեր]]
[[hy:Պլինիոս Կրտսեր]]
[[id:Plinius yang Muda]]
[[id:Plinius yang Muda]]

Leagan ó 17:07, 15 Iúil 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir Ba dhlíodóir, údar, agus ghiúistís na Sean-Róimhe é Plinias Óg (Laidin:Gaius Plinius Caecilius Secundus) (61 AD- ca. 112 AD), a rugadh Gaius CaeciliusGaius Caecilius Cilo. Chabhraigh uncail Phlinias, Plinias Mór, le tógail agus oiliúint a nia agus bhí siad araon mar fhinné ar bhrúchtadh na Veasúive ar 24 Lúnasa 79 AD.

Duine suaitheanta é Plinias Óg mar gheall ar a chéadta litreacha a mhaireann go fóill, atá ina bhfoinse luachmhar stairiúil don tréimhse. Tá go leor acu seolta chuig impirí nó daoine tábhachtacha cosúil leis an staraí, Tacitus. Ba dhuine suntasach féin é Plinias , agus é ina ghiúistís impiriúil faoi Tráian (Laidin:Marcus Ulpius Nerva Traianus Augustus ) (réimeas AD 98-117). Measadh gur fear macánta agus measartha é Plinias agus fuair sé céimeanna níos airde trí shraith de oifigí Impiriúla idir sibhialta agus míleata, an cursus honorum (féach thíos). Ba chara an staraí Tacitus é agus d'fhostaigh sé an beathaisnéisí Suetonius ina bhfoirne. Tháinig Plinias freisin i dteagmháil le go leor fir-aitheanta eile den tréimhse sin, lena n-áirítear na fealsaimh Artemidorus agus Euphrates le linn a chuid ama sa tSiria.