An difríocht idir athruithe ar: "Woody Guthrie"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: eo:Woody Guthrie
Rezabot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:وودی گاتری
Líne 33: Líne 33:
[[es:Woody Guthrie]]
[[es:Woody Guthrie]]
[[eu:Woody Guthrie]]
[[eu:Woody Guthrie]]
[[fa:وودی گاتری]]
[[fi:Woody Guthrie]]
[[fi:Woody Guthrie]]
[[fr:Woody Guthrie]]
[[fr:Woody Guthrie]]

Leagan ó 16:04, 12 Iúil 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí banna Cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach ab ea é Woodrow Wilson "Woody" Guthrie (14 Iúil, 19123 Deireadh Fómhair, 1967), duine de na ceoltóirí ba mhó le rá sa seánra ceoil ceol tíre. Nuair a chailleadh Guthrie ag deireadh na seascaidí, fágadh na céadta amhráin agus bailéid ina dhiaidh, a cuimsíonn plé ar pholaitíocht, amhráin tradisiúnta agus fiú amhráin do pháistí. Sheinn Guthrie gan stad ina shaol, go minic leis an sluán "This Machine Kills Fascists" ("Maraíonn an Meaisín seo Faisistithe") ar a ghiotár. An rian is cáiliúla a tháinig uaidh ná "This Land Is Your Land", a cantar go minic fós i scoileanna Meiriceánacha.

Thaistil Guthrie leis na spailpíní fánacha ó Oklahoma go California, ag foghlaim na hamhráin tradisiúnta agus gormacha a bhí acu ar an dturas. Bhí a chuid cumadóireachta bunaithe ar a thaithí i ré na Dúiche Dheannaigh, le linn an Spealadh Mór, agus tá aithne air mar "Troubadour na Dúiche Dheannaigh". Bhí baint aige le grúpaí Cumannacha sna Stáit Aontaithe, ach níor chláraigh sé le páirtí ar bith.

Phós Guthrie trí huaire agus bhí ochtar clainne aige, an ceoltóir tíre Arlo Guthrie ina measc. Is gariníon leis í an ceoltóir Sarah Lee Guthrie. Bhásaigh Guthrie de bharr deachrachtaí le Galar Huntington. In ainneoin an tinneas, chaith Guthrie a laethanta deireanacha ag tabhairt ionspiráid do ghlúin nua cheoltóirí, agus bhí sé ina mheantóir ar dhaoine ar nós Ramblin' Jack Elliott agus Bob Dylan.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR