An difríocht idir athruithe ar: "Bósón"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: yo:Bósónì
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: ta:போசான்
Líne 62: Líne 62:
[[sv:Boson]]
[[sv:Boson]]
[[szl:Bozůn]]
[[szl:Bozůn]]
[[ta:போசான்]]
[[th:โบซอน]]
[[th:โบซอน]]
[[tl:Boson]]
[[tl:Boson]]

Leagan ó 19:48, 8 Iúil 2012

An bhundéanamh:

██ Cuairc

██ Leaptóin

██ Bósóin

Is é is bósón ann ná cáithnín fo-adamhach go bhfuil guairne shlánuimhreach (i.e. 0, 1, 2, 3 srl) aige. Samplaí de bhósóin is ea an fótón, núicléas héiliaim-4, agus an W agus an Z (na bósóin veicteora a tharchuireann an fórsa lag). I gcodarsnacht le fearmóin, ní chloíonn bósóin le prionsabal an eisiaimh, agus mar sin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.

Cé gur minicí a úsáidtear an téarma bósón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar bósón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne shlánuimhreach aige.

Maidir le bhuncháithníní fo-adamhacha, is bósóin iad na cáithníní go léir a tharchuireann fórsaí ar nós an leictreamhaighnéadais, an t-idirghníomhú láidir, agus an t-idirghníomhú lag. Is as fearmóin a dheántar adaimh agus núicléis.