An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Flaithearta"

Jump to navigation Jump to search
m
no edit summary
m
Scríbhneoir ab ea '''Liam Ó Flaitheartaigh'''. Rugadh ar an [[28 Lúnasa|28ú de Lúnasa]] [[1896]] é agus cailleadh ar an [[7 MheánMeán Fómhair|7ú de Mheán Fómhair]], [[1984]] é). Ba i m[[Béarla]] a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, ''Dúil'' mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as [[Gaeilge]]. Tugtar ''Liam Ó Flaithearta'', nó ''Liam O'Flaherty'' as Béarla, air freisin. Ba scríobhneoir freisin é [[Tom O'Flaherty]], deartháir leis.
 
Rugadh an Flaitheartach i [[Gort na gCapall|nGort na gCapall]] in [[oileáin Árann]]. Chuaigh sé ar an meánscoil i gColáiste Rockwell i g[[Contae Thiobraid Árann]], agus as sin go [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Ach níor lean sé i bhfad ann. Chuaigh sé in arm Shasana sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí, bhí plé aige le cumannachas, agus bhí páirt aige in éirí amach sóisialach sa Rotunda i m[[Baile Átha Cliath]], nár mhair ach lá nó dhó. Chuaigh sé go [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] freisin, áit ar mhol a dheartháir, Tom, dó dul ag scríobh, i dtús báire do iris Cumannach a bhí á chur in eagar aige féin.

Roghchlár nascleanúna