An difríocht idir athruithe ar: "Saitō Ryokuu"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: en:Saitō Ryokuu
Líne 17: Líne 17:
[[Catagóir:Básanna i 1904]]
[[Catagóir:Básanna i 1904]]


[[en:Saitō Ryokuu]]
[[fa:ریوکو سایتو]]
[[fa:ریوکو سایتو]]
[[ja:斎藤緑雨]]
[[ja:斎藤緑雨]]

Leagan ó 02:37, 16 Meitheamh 2012

Saitō Ryokuu

Údar agus criticeoir Seapánach ba ea Saitō Ryokuu (斎藤 緑雨 ) (24 Eanáir 1868 - 13 Aibreán 1904) a bhí beo sa ré Meiji. Ainm cleite ba ea Saitō Ryokuu; baisteadh é mar Saitō Masaru (斎藤 賢).

Beatha

Sa bhliain 1896 bhunaigh Ryokuu Mezamashi gusa (めさまし草), iris liteartha, in éineacht le Mori Ōgai (森 鷗外) agus Kōda Rohan (幸田 露伴). San iris seo a foilsíodh Takekurabe (たけくらべ), scéal le Ichiyō Higuchi (Higuchi Ichiyō]] 樋口 一葉) ar mhol na léirmheastóirí go hard é. Cailleadh Ichiyō i Mí Samhna 1896 agus chuidigh Ryokuu lena máthair agus lena deirfiúr teacht i dtír, cé nach raibh sé ró-theann i gcuid is i maoin é féin.

Bhí Shūsui Kōtoku (Kōtoku Shūsui 幸徳 秋水), Baba Kochō (馬場孤蝶) agus Tekkan Yosano (Yosano Tekkan 与謝野 鉄幹) ar a chuid cairde liteartha.

B'fhada eitinn ar Ryokuu agus sa bhliain 1904 chuaigh sí i gcinseal air. Agus é ag saothrú an bháis thug sé dialanna Ichiyō, a raibh sé ag brath ar iad a fhoilsiú, do Kochō. Fuair sé bás ar 13 Aibreán 1904.

Ní chuireadh Ryokuu fiacail ann mar chriticeoir agus ba nathánaí suntasach é.

Naisc sheachtracha