An difríocht idir athruithe ar: "Sraithmharfóir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: af:Reeksmoordenaar
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: sco:Serial killer
Líne 53: Líne 53:
[[ru:Серийный убийца]]
[[ru:Серийный убийца]]
[[rw:Umwicanyi wa ruhongohongo]]
[[rw:Umwicanyi wa ruhongohongo]]
[[sco:Serial killer]]
[[simple:Serial killer]]
[[simple:Serial killer]]
[[sk:Sériový vrah]]
[[sk:Sériový vrah]]

Leagan ó 07:01, 13 Meitheamh 2012

Is éard is sraithmharfóir ann ná duine a bhfuil triúr daoine, ar a laghad, maraithe aige ar mhaithe le sult agus sásamh síceolaíoch, agus tréimhse sách fada scíthe idir gach dhá dhúnmharú. Is é sin, bíonn sé ag marú duine i ndiaidh duine go tráthrialta. Bíonn neamhord frithshóisialta pearsantachta de chineál éigin ag luí ar na sraithmharfóirí go léir, ach má bhíonn féin, is annamh is féidir síceapaite i gciall cheart an téarma a chur ina leith. Ní bhíonn siad ina síocóisigh, áfach - is é sin, ní aithneofá ar dhuine acu gur "fear buile" atá agat ansin. A mhalairt ar fad, is féidir leo "púicín na slánchéille" a chur orthu féin. Is minic a bhaineann siad sult collaí de chineál éigin as a gcuid gníomhartha. De ghnáth, is féidir scéim éigin a aithint ar na dúnmharuithe a dhéanann an sraithmharfóir - bíonn na híobartaigh cosúil le chéile, nó tugann an ciontóir an íde chéanna do gach corpán, mar shampla.

Dealraíonn sé gur cumadh an focal féin "sraithmharfóir" (Béarla: serial killer) thiar sna seachtóidí, nuair a bhí sraithmharfóirí míchlúiteacha cosúil le Ted Bundy agus David Berkowitz i mbéal an phobail. Is dócha gur gníomhaire de chuid an FBI a cheap an téarma - b'fhéidir Robert Ressler, a bhí sáite ina lán fiosruithe faoi shraithmharfóirí, go háirithe cásanna Jeffrey Dahmer agus Richard Chase.

Is gá an difríocht a aithint idir an sraithmharfóir agus an sluamharfóir (nó an spraoimharfóir) ná go maraíonn an sraithmharfóir a chuid íobartach ina nduine agus ina nduine, de ghnáth, leis an dúil a shásamh agus go gcaithfidh sé scíth a ligean idir na hócáidí. An spraoimharfóir, arís, tá sé ag dul le dúchas ag marú daoine roimhe gan scíth ar bith a bheith ag teastáil uaidh.

Sraithmharfóirí ar chuala an saol mór iomrá orthu

  • David Berkowitz - Son of Sam. Bhíodh sé ag géarleanúint lánúineacha óga i Nua-Eabhrac sna seachtóidí, agus mharaigh sé seisear - an chuid eile acu siúd ar lámhach sé leo, tháinig siad beo as an drocháit. Tá sé i dtóin an phríosúin ón mbliain 1977 anuas.
  • Ted Bundy - mharaigh sé mná óga sna Stáit Aontaithe sna blianta 1974-78. Ba nós leis a chuid íobartach a éigniú is a thachtadh. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1989.
  • John Wayne Gacy - "An Bobaide Marfach". Chuireadh sé éadaí an bhobaide air féin leis na páistí a ghiúmaráil. Le fírinne, ba nós leis páistí agus fir óga a éigniú agus a mharú. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1994.
  • Karla Homolka agus Paul Bernardo - lánúin óg Cheanadach a bhí ag fuadach cailíní óga agus á marú le sult collaí a bhaint astu sna blianta 1990-92. I measc a gcuid íobartach, bhí deirfiúir Karla, Tammy Homolka, nach raibh ach cúig bliana déag d'aois.