An difríocht idir athruithe ar: "An Chóiréis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: uz:Koreys tili
RedBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: mzn:کوره‌ای
Líne 195: Líne 195:
[[mr:कोरियन भाषा]]
[[mr:कोरियन भाषा]]
[[ms:Bahasa Korea]]
[[ms:Bahasa Korea]]
[[mzn:کوره‌ای]]
[[nah:Coreatlahtōlli]]
[[nah:Coreatlahtōlli]]
[[nap:Lengua coreana]]
[[nap:Lengua coreana]]

Leagan ó 18:12, 11 Meitheamh 2012

Teimpléad:Teanga

Is teanga í an Chóiréis a labhraítear sa Chóiré Theas agus sa Chóiré Thuaidh. Tá stádas oifigiúil aici sa dá stát sin. Thairis sin, tá sí le cloisteáil go coitianta i Maoirseacht Fhéinrialaitheach Yanbian sa tSín, áit a bhfuil stádas oifigiúil réigiúnda aici chomh maith leis an tSínis. Glactar leis go bhfuil an Chóiréis á labhairt ag ochtó míle duine timpeall an domhain, agus is féidir teacht trasna ar phobail diaspóra ina lán poblachtaí iar-Shóivéadacha, san Astráil, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Bhrasaíl, sa tSeapáin, agus, le déanaí, sna hOileáin Fhilipíneacha.

An Chóiréis mar Theanga

Is deacair a rá, an bhfuil gaol ar bith ag an gCóiréis le haon teanga eile. Tá cuid de na teangeolaithe den tuairim go bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha Altaecha, agus an Chóiréis ina ball den fhine seo. Creideann cuid eile, áfach, gur teanga aonaránach í, cosúil leis an mBascais. Teanga tháite is ea í an Chóiréis, cosúil leis na teangacha Tuircice - is é sin, baintear úsáid as an iliomad iarmhíreanna gramadúla, agus iad á gcur leis na focail ceann i ndiaidh a chéile. Is é an gnáth-ord focal a bhíonn ann ná SOV, nó Ainmní-Cuspóir-Briathar (is é an t-ord focal is dual don Ghaeilge ná VSO, nó Briathar-Ainmní-Cuspóir). Cosúil leis an tSeapáinis, fuair an Chóiréis cuid mhór focal ar iasacht ón tSínis i rith na gcéadta bliain, agus chuaigh cuid mhór acu chomh greamaithe i struchtúr na teanga is nach n-aithníonn na Cóiréigh mar fhocail iasachta iad a thuilleadh. Focail iasachta ón tSínis dhá fhocal as gach triúr sa Chóiréis. Thairis sin, leis na blianta beaga anuas, tháinig dornán iasachtaí isteach ón mBéarla agus ó na teangacha Eorpacha eile. An chuid eile den stór focal, nó focal as gach triúr, is focail dhúchasacha Chóiréacha iad.

Scríbhneoireacht na Cóiréise

Bhí sé ina nós, anallód, an Chóiréis a scríobh leis na comharthaí Síneacha, ach de réir a chéile, chuaigh an scríbhneoireacht Cóiréise i léig ar fad, nó b'fhearr leis na daoine uaisle a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Sínise Clasaicí. Sa bhliain 1446, áfach, d'fhoilsigh Sejong Mór, rí na Cóiré, córas nua le scríbhneoireacht agus léitheoireacht a chothú i measc na cosmhuintire, mar atá, an aibítir Hangul. Bhí an rí Sejong míshásta leis na litreacha Síneacha, agus é barúlach nach raibh siad oiriúnach d'úsáid na gCóiréach. An córas a chruthaigh sé, bhí sé bunaithe ar fhuaimniú comhaimseartha na Cóiréise. Rinne an chosmhuintir a gcuid de na litreacha Hangul, ach bhí na huaisle sách míshásta leo, ó bhí siad buartha faoi chinniúint na Sínise agus an léinn Shínigh sa Chóiré. Na ríthe a tháinig i gcomharbas ar Sejong, bhí cuid acu naimhdeach i leith an Hangul chomh maith, agus reachtaigh siad dlíthe le húsáid na haibítre dúchasaí seo a shrianadh nó a chosc. Mar sin féin, tháinig an Hangul slán as na hiarrachtaí seo. Inniu, is é an Hangul an t-aon aibítir amháin a úsáidtear sa Chóiré Thuaidh agus i Yanbian, ach bíonn muintir na Cóiré Theas ag baint úsáide as an gcorr-chomhartha Síneach ó am go ham.

Foirmeacha Onóraithe na Cóiréise

Cosúil leis an tSeapáinis, ceadaíonn an Chóiréis don chainteoir ómós agus urraim a chur in iúl trí fhoirmeacha speisialta gramadúla a úsáid. Tá an córas "onóraithe" seo i bhfad níos casta sa Chóiréis ná sa tSeapáinis féin. Cuid den chóras is ea iad na focail speisialta (mar shampla, is é jinji an focal ómósach a chiallaíonn "bia", ach is é bap an gnáthfhocal - éilíonn an dea-bhéasaíocht go dtabharfaidh tú jinji ar an mbia atá an duine eile a ithe, cé gurb é an bia ceannann céanna é agus do chuid bap féin), ach is minicí a chuirtear an urraim in iúl trí shiollaí breise - inmhíreanna - a fháscadh isteach san fhocal (ar nós -si- nó -eusi-: gada "imeacht" -> gasida, batda "glacadh" -> badeusida). Tá leibhéil éagsúla urraime sa Chóiréis, ach tá an leibhéal is airde, a bhíodh á úsáid le labhairt le daoine ríoga, ag dul in éag ar na saolta seo, ós rud é go bhfuil an daonlathas is an cothromaíochas nua-aimseartha ag imirt a dtionchair ar an tsochaí agus ar an teanga.

Canúintí na Cóiréise

Cé gurb í an teanga chéanna í, is féidir difríochtaí áirithe a aithint idir Cóiréis an Deiscirt agus Cóiréis an Tuaiscirt. Sa Tuaisceart, táthar ag iarraidh téarmaí nuachumtha a chur in úsáid in áit na bhfocal iasachta, cosúil leis an dóigh a seachnaítear na comharthaí Síneacha ansin. Thairis sin, níl caighdeán an dá stát bunaithe ar an gcanúint chéanna. Cuid thábhachtach d'fhuaimniú na Cóiréise is ea comhshamhlú na gconsan, agus é ag obair go héagsúil sna canúintí difriúla. Ní hionann ainm na teanga féin sa dá thír, nó má thugann muintir an Tuaiscirt Chosŏnmal uirthi, deir muintir an Deiscirt go labhraíonn siad Han'gugeo.

Labhraítear seacht nó ocht bpríomhchanúint Chóiréise i gcúigí éagsúla an dá stát. Ní bhíonn siad ródhifriúil le chéile, díomaite de cheann amháin - canúint Oileán Jeju. Tá Oileán Jeju suite in aice le cósta thiar theas na Cóiré Theas, agus é ina áit sách scoite ón gcuid eile den tír. Tá cultúr ar leith ag Jeju, agus a rian sin ar an gcineál Cóiréise a chloistear san oileán.

Is iad na príomhchanúintí eile ná:

  • Canúint Seoul. Ar an gcanúint seo atá caighdeán an Deiscirt bunaithe. Lasmuigh de Seoul féin, labhraítear an cineál seo Cóiréise in Incheon agus i Gyeonggi sa Chóiré Theas agus i Kaesŏng sa Chóiré Thuaidh.
  • Canúint P'yŏng'an. Is í an chanúint seo is bunús do chaighdeán an Tuaiscirt. Labhraítear í i bP'yŏngyang (príomhchathair na Cóiré Thuaidh), i gcúige P'yŏng'an agus i gcúige Chagang.
  • Canúint Hamgyŏng. Is í an chanúint a labhraítear in Oir-Thuaisceart na Cóiré, i gcúigí Hamgyŏng agus Ryanggang. Is í an cineál Cóiréise is mó a chluinfeá sa tSín, freisin.
  • Canúint Kangwon (nó Gangwon). Labhraítear ar an dá thaobh de theorainn an dá Chóiré í, i gCúige Gangwon sa Tuaisceart agus i gCúige Kangwon sa Deisceart. (Ar ndóigh, is é an t-ainm céanna é Gangwon nó Kangwon.) Tá an dá chúige seo ar an taobh thoir de leathinis na Cóiré.
  • Labhraítear canúint Chungcheong i gcúige Chungcheong, taobh theas de Seoul, ar an taobh thiar de leathinis na Cóiré. Is í an chanúint a chloisfeá i gcathair Daejeon freisin.
  • Tá na Cóiréigh eile den bharúil gur canúint gharbh fheargach í canúint Gyeongsang. Is í an cineál Cóiréise a labhraítear in oirdheisceart na leathinise, in aice leis an tSeapáin. Is iad Busan, Daegu, agus Ulsan na cathracha móra ina gcluinfeá an chanúint seo.
  • Is í canúint Jeolla caint na sráide in iardheisceart na Cóiré, i gcathair Gwangju mar shampla.

An cineál Cóiréise a labhraítear sa tSín, tá sí cosúil leis na canúintí is cóngaraí a chloisfeá sa Chóiré (Thuaidh) féin. Is léir, áfach, go bhfuair sí téarmaí nua-aimseartha ar iasacht ón tSínis nach n-úsáidtear sa Chóiré Thuaidh. Maidir leis an gCóiréis a labhraíonn an diaspóra sa tSeapáin, is gnách "Cóiréis Zainichi" a thabhairt uirthi - zainichi an focal Seapáinise a thagraíonn do Chóiréigh eitneacha sa tSeapáin. Tá an cineál seo Cóiréise bunaithe ar chanúintí deisceartacha na Cóiréise - canúint Jeju san áireamh - toisc gurb ón gcuid sin den Chóiré ba mhó a chuaigh daoine ar imirce go dtí an tSeapáin, de ghnáth. An chuid is mó de na Cóiréigh sa tSeapáin, níl an Chóiréis ó dhúchas acu, agus is í an tSeapáinis a labhraíonn siad eatarthu féin. Ní úsáideann siad a gcuid Cóiréise ach leis na hinimirceánaigh nua ón gCóiré agus ag ócáidí sollúnta. Mar sin, d'fhéadfá a rá gur Cóiréis bhriste í "Cóiréis Zainichi", go bunúsach. An chanúint Cóiréise a labhraítear sna poblachtaí Iar-Shóivéadacha, tugtar Koryo-mar uirthi. Tá sí bunaithe ar an gcanúint Hamgyŏng, arb í canúint Oir-Thuaisceart na Cóiré, agus í á labhairt go coitianta i Yanbian chomh maith. Tá an chanúint Koryo-mar go mór faoi thionchar na Rúisise agus na dteangacha Tuircice, áfach, agus an chuma ar an scéal go bhfuil sí ag imeacht go tiubh: an chuid is mó de Chóiréigh eitneacha na bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, bíonn an Rúisis níos líofa acu ná an Chóiréis.

Frásaí Cóiréise

Gaeilge Hangul Rómánsú AIF
Cóiréis 한국어 hangugeo /hangugʌ/
Dia dhuit 안녕하세요 annyeonghaseyo /anːjʌŋhasejo/
Dia dhuit (neamhfhoirmeálta) 안녕 annyeong /anːjʌŋ/
Slán 안녕히계세요 annyeonghigeseyo /anːjʌŋhigɛsejo/
Slán (neamhfhoirmeálta) 안녕 annyeong /anːjʌŋ/
Go raibh maith agat 고맙습니다 gomapseupnida /komapsɯmnida/
Go raibh maith agat (neamhfhoirmeálta) 고마워 gomaweo /komawʌ/
Cé mhéid? 얼마예요? eolmayeyo /ʌlmaɛjo/
Tá brón orm 미안합니다 mianhamnida /mianhamnida/
Ní thuigim 모르겠습니다 moreugesseumnida /morɯkes'ɯmnida/
Cá bhfuil an leithreas? 화장실이 어디예요? hwajangsili eodiyeyo /hwacaŋsiri ʌdijɛjo/
An bhfuil Béarla agat? 영어 할 줄 아세요? yeongeo hal jul aseyo /jʌŋʌ hal cul asɛjo/


An Chóiréis
Vicipéid le fáil as An Chóiréis freisin

Teimpléad:Nasc AR