An difríocht idir athruithe ar: "An Mheán-Ghaeilge"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: hr:Srednjovjekovni irski jezik
Mahagaja (plé | dréachtaí)
m Angr moved page Meán-Ghaeilge to An Mheán-Ghaeilge
(No difference)

Leagan ó 22:10, 4 Meitheamh 2012

Ba í an Mheán-Ghaeilge (Gaoidhealg as Mheán-Ghaeilge) príomhtheanga na hÉireann, na hAlban agus Mhanann ón 10ú haois go dtí an 12ú haois.

De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge (Goídelc as Shean-Ghaeilge), agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea í an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ná de réir chaint na ndaoine.

Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.