An difríocht idir athruithe ar: "Loch Garman"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m robot Adding: de:Wexford (Stadt)
Líne 14: Líne 14:


[[br:Loch Garman]]
[[br:Loch Garman]]
[[de:Wexford (Stadt)]]
[[en:Wexford]]
[[en:Wexford]]
[[es:Wexford]]
[[es:Wexford]]

Leagan ó 10:13, 25 Deireadh Fómhair 2006

Príomhbhaile chontae Loch Garman agus an baile is mó sa chontae é baile Loch Garman, le daonra tuairim is 15,000. Ar inbhear na Sláine atá sé, agus tá a chalafort leathan, cé nach bhfuil sé an domhain.

Iompar

Tá stáisiún traenach ar an líne as Ros Láir go Baile Átha Cliath sa bhaile. Níl calafort Ros Láir ach timpeall 20 chiliméadar as an mbaile. Tá an baile ar an N11, ceann de mhórbhóithre na tíre, a luíonn idir Bhaile Átha Cliath agus Ros Láir.

Stair

Tógadh ar dtús Loch Garman in am na Lochlannach, agus sa Bhéarla, tagann a ainm Wexford ó Waesfjord na Lochlannaise, ar é a bhrí ná fíordinbhear an lathaigh. Nuair a tháinig Oilibhéar Cromail go hÉireann, dhein sé an slad ar an mbaile, agus tá an ghráin ag lucht an bhaile fós ar a chuimhne. Tá dealbh i lár an bhaile ag comóradh John Barry, fear a chuir cabhlach SAM ar bun.

Caitheamh Aimsire

Tá cáil ar an limistéar ar imeall an chuain leis an méid agus leis an raidhse éanlaith atá ann. Is baile stairiúil é Loch Garman, le sráideanna cúnga. Gar don bhaile, tá caisleán Ferrycarrig. Tá John F Kennedy Memorial Park, arboretum mór, tuairim agus 35 km uaidh. Tá tránna breátha i ndeisceart an chontae. Tá Feis Opera Loch Garman ag cur opera i láthair sa bhaile le hos cionn 30 bliain, le béim ar shaothair atá ligthe i ndearmad, nó gar dó.