An difríocht idir athruithe ar: "Dualghluaisne"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: zh:自行
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: be-x-old:Уласны рух
Líne 7: Líne 7:


[[ar:حركة خاصة]]
[[ar:حركة خاصة]]
[[be-x-old:Уласны рух]]
[[ca:Moviment propi]]
[[ca:Moviment propi]]
[[cs:Vlastní pohyb]]
[[cs:Vlastní pohyb]]

Leagan ó 21:59, 29 Bealtaine 2012

Is é is dualghluaisne ann ná gluaiseacht na réalta féin trasna na spéire mar a fheictear dúinn féin í, is é sin, an chuid de ghluaiseacht infheicthe na réalta arb í fíor-ghluaiseacht na réalta is cúis léi. Aithnítear dualghluaisne na réalta ar a comhordanáidí meánchiorclacha, is é sin, ar an gceartairde agus ar an diallas. Má fhágtar gluaiseacht an Domhain féin, chomh maith le gluaiseachtaí ais rothlaithe an Domhain - is é sin, an luainíocht agus an nútú - as an áireamh, gheofar dualghluaisne na réalta. Is iad na réaltaí is mó dualghluaisne ar an spéir ná Réalta Kapteyn agus Réalta Barnard.