An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Jump to navigation Jump to search
2,437 bytes added ,  7 mbliana ó shin
 
== Stair ==
[[Íomhá:Zeelandia from Dutch.jpg|mion|230px|clé|Zeelandia, príomhionadpríomh-bhunáit na nOlannachnOllannach i ndeisceart na Téaváine, sa bhliain 1635]]
Tá áitreabh daonna éigin sa Téaváin le tríocha éigin míle bliain anuas, ach níor tháinig sinsir na "mbundúchasach" Téavánach (is é sin, a sinsir siúd a labhraíonn na teangacha Formósacha) go dtí an t-oileán ach timpeall ar cheithre mhíle bliain ó shin. Níor thosaigh na Sínigh ag cur fúthu san oileán roimh an [[15ú haois|15ú haois AD]], agus le fírinne, ba iad na hEorpaigh a chuidigh leis na Sínigh an Téaváin a mhíntíriú.
 
 
Timpeall na bliana 1935 thosaigh na Seapánaigh ag tabhairt mhuintir na háite chun Seapánachais: chaithfidís cuma na Seapáinise a chur ar a gcuid ainmneacha agus Seapáinis a fhoghlaim is a labhairt le chéile, oiread agus ab fhéidir. Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh fiche míle Téavánach sna saighdiúirí i bhfórsaí armtha na Seapáine. Mar shampla, bhí deartháir le Lee Teng-hui (polaiteoir Téavánach arbh é Uachtarán na Téaváine é sna blianta 1988-2000) ina shaighdiúir Seapánach le linn an chogaidh, agus fuair sé bás i bpáirc an áir sna hOileáin Fhilipíneacha. Bhaineadh Cabhlach Impiriúil na Seapáine an-leas as cuanta na Téaváine, agus bhí meitheal smaointe impiriúlachais an Chabhlaigh, "Grúpa an Bhuille Theas", lonnaithe in Ollscoil Impiriúil Taihoku in Taipei. I Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1944 cuireadh mór-aerchath ar fud chóstaí thoir na Téaváine, Oileáin Ryukyu, agus Okinawa, idir na Meiriceánaigh agus na Seapánaigh, agus na haerdhíormaí Seapánacha a throid sa chath seo bhí siad lonnaithe sa Téaváin, an chuid is mó acu. Bhíodh na Meiriceánaigh ag buamáil na Téaváine freisin, ó bhí bunáiteanna míleata agus gléasraí tionsclaíochta de chuid na Seapánach san oileán.
 
Ar an 25 Deireadh Fómhair 1945 thug Cabhlach na Stát Aontaithe isteach trúpaí míleata Síneacha - is é sin, trúpaí de chuid Phoblacht na Síne - go Taipei (nó Taihoku, mar a thugadh na Seapánaigh ar an áit) le go bhféadfaidís glacadh le géilleadh na Seapáine go hoifigiúil ansin. Shínigh an Ginearál Rikichi Ando, a bhí i gceannas ar na fórsaí armtha Seapánacha san oileán agus a raibh freagracht air as riarachán uile an oileáin mar Ghobharnóir Ginearáil, shínigh sé an conradh ar a dtugtar an Ionstraim um Ghéilleadh na Seapáine. Ansin, chuaigh an t-údarás ab airde sa Téaváin ó lámh Ando go lámh an Ghinearáil Chen Yi. D'fhógair Chen Yi gurbh é sin Lá Athbhronnta na Téaváine, ach ba é an tátal na gComhghuaillithe go raibh an Téaváin agus Oileáin Penghu faoi fhorlámhas na Seapáine i gcónaí, cé go raibh na hoileáin forghafa go míleata ag na Sínigh. Níor athraigh an dearcadh ach sa bhliain 1953.
 
Tháinig sé chun solais go luath nach raibh muintir dhúchasach na Téaváine róshásta leis na míleataigh Shíneacha ón mórthír. Thairis sin, ní raibh róchuma ar na cúrsaí eacnamaíochta, agus na praghsanna ag dul i méadaíocht go géar gasta. Chaill rialtas Chen Yi gnaoi an phobail go sciobtha, agus i ndeireadh Mhí Feabhra 1947, d'éirigh ina chogadh dearg idir bunadh na Téaváine agus na saighdiúirí. Tháinig saighdiúirí ag coigistiú a cuid coigiltis ó sheanbhean a shaothraigh a cuid ag smuigleáil toitíní, agus chruinnigh na sluaite timpeall na háite ag caitheamh anuas ar na saighdiúirí. Ansin scaoil duine de na saighdiúirí urchar le rabhadh a thabhairt don tslua, ach má scaoil, mharaigh a phíléar duine dá raibh i láthair, rud a chuir muintir na Téaváine ar an daoraí ar fad. D'éirigh bunadh an oileáin in aghaidh na Síneach ón mórthír, ach má d'éirigh, ní raibh lucht na mórthíre i bhfad ag cur na ceannairce seo faoi chois. Maraíodh na mílte Téavánaigh, idir ghnáthcheannairceoirí agus lucht scothaicme.
 
Sa bhliain 1949, fuair na Cumannaigh an lámh in uachtar ar an mórthír, agus b'éigean do Chiang Kai-shek agus lucht a leanúna glanadh leo go dtí an Téaváin i ndeireadh na bliana céanna. Shocraigh dhá mhilliún duine ar fad de lucht leanúna Chiang fúthu san oileán. Chuir Chiang dlí an chogaidh i bhfeidhm ar an oileán, agus níor cuireadh an dlí sin as feidhm ach sa bhliain 1987.
 
[[Catagóir:Oileáin]]

Roghchlár nascleanúna