An difríocht idir athruithe ar: "Neoidríonó"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: lb:Neutrino
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: la:Neutrinum
Líne 46: Líne 46:
[[kk:Нейтрино]]
[[kk:Нейтрино]]
[[ko:중성미자]]
[[ko:중성미자]]
[[la:Neutrinum]]
[[lb:Neutrino]]
[[lb:Neutrino]]
[[lmo:Neütrin]]
[[lmo:Neütrin]]

Leagan ó 18:17, 26 Bealtaine 2012

Buncháithnín fo-adamhach gan lucht leictreach, atá ar beagán maise, is ea an neoidríonó. Cineál leaptóin is ea é, leis, agus mar sin is fearmón é chomh maith. Tá trí shaghas de neoidríonó ann: neoidríonó an leictreoin (νe), neoidríonó an mhúóin (νμ), agus neoidríonó an tau (ντ).[1] Toisc nach bhfuil lucht leictreachlucht datha acu, ní bhaineann aon idirghníomhaithe do neoidríonó seachas an t-idirghníomhú lag, mar aon le fórsa na himtharraingthe. Toisc go bhfuil an t-idirghníomhú lag i bhfad níos laige ná an t-idirghníomhú láidir ná an leictreamhaighnéadas, is annamh a bhíonn aon idirghníomhú idir neoidríonó agus damnha eile, agus is féidir le neoidríonó gluaiseacht trí achar fada damhna gan aon bhac. Mar shampla, téann na billiúin neoidríonónna trí chorp duine gach soicind gan stad agus gan rian dá ngluaiseacht a fhágáil.

Íomhá:Sudbury sno.jpg
Brathadóir neoidríonónna (Sudbury, Ceanada)

Cruthaítear neoidríonónna de thoradh imoibrithe núicléacha de ghnáth. Tá aschur neoidríonónna ón ngrian flúirseach go leor, agus deintear leis iad in imoibreoirí núicléacha. Dhein an Ollphléasc neart díobh freisin, agus ceaptar go dtagann mórchuid d'fhuinneamh ollnóva amach i bhfoirm neoidríonónna.

Cheaptaí tráth nach raibh mais ar bith ag neoidríonónna, ach tá a fhios ag fisiceoirí anois nach fíor é sin ar fad, ach go bhfuil mais thar a bheith beag ag neoidríonónna. Is de bharr fionnachtana a dhein turgnaimh éagsúla, go háirithe "Super-Kamiokande" sa tSeapáin agus an "Sudbury Neutrino Observatory" i gCeanada, atá an t-eolas seo againn anois.[2] Fuair na turgnaimh seo gur féidir le neoidríonó de shaghas amháin (νμ, mar shampla) a thiontú go neoidríonó de shaghas eile. Ní féidir an claochlú seo mara bhfuil beagán maise ag neoidríonónna. Ceaptar go bhfuil mais an neoidríonó is troime idir 0.05-0.30 eV---níos mó ná milliún uair níos éadroime ná leictreon. Tugtar ascalúchán neoidríonó ar an gclaochlú seo, agus tá roinnt tionscadal ar bun inniu (mar shampla, T2K) chun an feiminéan a scrúdú níos beaichte.

Tagairtí

Teimpléad:Nasc AR