An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Jump to navigation Jump to search
No change in size ,  7 mbliana ó shin
(caighdeánú)
== Stair ==
[[Íomhá:1896 map of Taiwan.png|mionsamhail|upright|Léarscáil ón mbliain 1896]]
Tá áitreabh daonna éigin sa Téaváin le tríocha éigin míle bliain anuas, ach níor tháinig sinsir na "mbundúchasach" Téavánach (is é sin, a sinsir siúd a labhraíonn na teangacha Formósacha) go dtí an t-oileán ach timpeall ar cheithre mhíle bliain ó shin. Níor thosaigh na Sínigh ag cur fúthu san oileán roimh an [[15ú haois|15ú haois AD]], agus le fírinne, ba iafiad na hEorpaigh a chuidigh leis na Sínigh an Téaváin a mhíntíriú.
 
Ba iad na Portaingéalaigh a bhaist an t-ainm ''Formósa'' ar an oileán sa bhliain 1544, ach ba iad na hOllannaigh ba túisce a bhunaigh stáisiún trádála sa Téaváin, sa bhliain 1624. Thosaigh siad ag iompórtáil lucht oibre ó mhórthír na Síne, agus chuir a lán de na hoibrithe seo fúthu ansin go seasta. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na [[An Spáinn|Spáinnigh]] i dtír i dtuaisceart an oileáin, agus d'fhorghabh siad an chuid den oileán ina bhfuil cathair Keelung inniu. Sa bhliain 1642, áfach, chuir na hOllannaigh agus a gcuid comhghuaillithe dúchasacha ruaigeadh ar na Spáinnigh as an oileán.

Roghchlár nascleanúna