An difríocht idir athruithe ar: "Pelé"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: lez:Пеле
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: sh:Pelé
Líne 23: Líne 23:
{{Nasc AR|he}}
{{Nasc AR|he}}
{{Link GA|fi}}
{{Link GA|fi}}

[[lez:Пеле]]


[[af:Pelé]]
[[af:Pelé]]
Líne 64: Líne 66:
[[ky:Пеле]]
[[ky:Пеле]]
[[la:Pelé]]
[[la:Pelé]]
[[lez:Пеле]]
[[lt:Pelé]]
[[lt:Pelé]]
[[lv:Pele (futbolists)]]
[[lv:Pele (futbolists)]]
Líne 84: Líne 85:
[[ru:Пеле]]
[[ru:Пеле]]
[[sc:Pelè]]
[[sc:Pelè]]
[[sh:Pelé]]
[[simple:Pelé]]
[[simple:Pelé]]
[[sk:Pelé]]
[[sk:Pelé]]

Leagan ó 16:52, 24 Aibreán 2012

Teimpléad:Imreoir sacair bosca eolais Iar-imreoir sacair rathúil as Três Corações, an Bhrasaíl is ea Pelé (a rugadh leis an ainm Edison Arantes do Nascimento ar an 23 Deireadh Fómhair, 1940). Feictear air mar an t-imreoir is fearr a d'imir an spórt riamh, agus tugtar an leasainm An Rí air go minic. Idir na blianta 1956 agus 1977, nuair a d'éirigh sé as an spórt, scóráil sé níos mó ná míle cúl don fhoireann Santos, agus bhuaigh sé trí Chorn Domhanda le foireann náisiúnta na Brasaíle.

Saol

Is é Edison Arantes do Nascimento an fíor-ainm a thug a thuismitheoirí air, in ómós Thomas Edison. Ag tús a shaoil, baintí úsaid as an leasainm Dico. Fuair sé an leasainm Pelé agus é sa mheánscoil, nuair a d'fhuaimnigh sé ainm a laoich Bilé mí-cheart (dúirt sé "Pilé" in áit "Bilé"). Níor mhaith leis an ainm ar dtús, agus bhuail sé dorn ar an chéad duine a thug an t-ainm sin air. Scríobh Pelé ina dhírbheatháisnéis nach raibh smaoineamh ar bith aige fhéin nó ag a chairde faoin chiall. Tá sé cosúil leis an bhfocal Gaeilge peil, agus tá focal Eabhraise leis an bhfuaimniú céanna a chiallaíonn “iontas” (פֶּלֶא, mar a scríobhtar é sa teanga úd).

Pelé leis an Uachtarán Lula da Silva, 2004.

Éachtanna

Is é an t-éacht is cáiliúla a rinne Pelé ná d'aimsigh sé 1,281 cúl i 1,363 cluiche. Chomh maith leis sin, tá an dara uimhir is mó cúl gnóthaithe aige i gcomórtas club, tar éis Joseph Bican. Scóráil sé 626 cúl i 669 cluiche. Scóráil sé an ceathrú méid is mó cúl i gcluichí idirnáisiúnta, tar éis Ronaldo, Gerd Muller agus Just Fontaine (77 cúl i 92 cluiche). Bhuaigh sé an duais FIFA "Imreoir na Bliana" dhá uair, agus "Imreoir na Fichiú hAoise". Fuair sé cúl i dhá chluiche ceannais sa Chorn Domhanda deiridh. Bhuaigh sé trí Chorn Domhanda sna blianta 1958, 1962 agus 1970. Sa bhliain 2005, bhronn an BBC an BBC Sports Personality of the Year Lifetime Achievement Award air. Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Link GA