An difríocht idir athruithe ar: "Grigoriy Rasputin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: mr:रासपुतीन
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: is:Raspútín
Líne 45: Líne 45:
[[id:Grigori Rasputin]]
[[id:Grigori Rasputin]]
[[io:Grigori Rasputin]]
[[io:Grigori Rasputin]]
[[is:Raspútín]]
[[it:Grigorij Efimovič Rasputin]]
[[it:Grigorij Efimovič Rasputin]]
[[ja:グリゴリー・ラスプーチン]]
[[ja:グリゴリー・ラスプーチン]]

Leagan ó 08:20, 19 Aibreán 2012

Íomhá:Rasputyin.jpg
Rasputin

Bráthair siúil ab ea Grigoriy Yefimovich Rasputin a bhí ina chomhairleoir ag impire deireanach na Rúise, Nioclás a Dó. Rugadh Rasputin ar an 22 Eanáir 1869 (ar an 10 Eanáir, de réir Fhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir, agus dúnmharaíodh é i gCathair Pheadair ar an 29 Nollaig 1916.

Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt. Deirtear, mar shampla, gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh na draíochta a bhí ann. De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir. Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar an haemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar an Impire.

Sloinne coitianta é Rasputin sa Rúis, go háirithe sa tSibéir, agus is dealraitheach nach bhfuil gaol ar bith ag an scríbhneoir Valentin Rasputin leis an mbráthair siúil.

Go dtí le déanaí, chreidtí gurbh é an Prionsa Feliks Yusupov a mharaigh Rasputin i gcomhcheilg le dornán comhchoirithe. Fear uasal Rúiseach a bhí ann agus é míshásta leis an tionchar a bhí ag leithéid Rasputin ar an Impire agus ar a bhean chéile ach go háirithe. I ndiaidh bhás Rasputin, bhí Yusupov agus a chuid comhchoirithe ag cumadh scéalta aiféiseacha faoi chomh deacair is a fuair siad an bráthair siúil a mharú, agus iad ag iarraidh é a nimhiú le ciainíd, é a lámhach le piostail agus é a chnagadh le smachtíní, go dtí gur chinn siad é a bhá in Abhainn Moika, ceann de na haibhneacha atá ag sní trí Chathair Pheadair. De réir na fianaise atá ann inniu, áfach, ba é an Leifteanant Oswald Rayner, spiaire Sasanach a raibh aithne aige ar Yusupov, a scaoil an t-urchar a bhuail éadan Rasputin agus a mharaigh ar an toirt é.