An difríocht idir athruithe ar: "Vladímír Pútín"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: gd:Vladimir Putin
No edit summary
Líne 20: Líne 20:


[[Íomhá:Vladimir Putin as a child.jpg|mion|Pútín ina óige.]]
[[Íomhá:Vladimir Putin as a child.jpg|mion|Pútín ina óige.]]
[[Sorry for this contribution, just can't be silent|Putin should be hanged for crimes against Russian nation. It is a shame for us to allow such a man be President.]]

Is é '''Vladímír Vladímírovich Pútín''' (Влади́мир Влади́мирович Пу́тин; [[7 Deireadh Fómhair]] [[1952]] a rugadh é) Príomh-aire na [[an Rúis|Rúise]] ón mbliain [[2008]] i leith. Roimhe sin, bhí sé ina Uachtarán ón mbliain 2000 go dtí 2008.
Is é '''Vladímír Vladímírovich Pútín''' (Влади́мир Влади́мирович Пу́тин; [[7 Deireadh Fómhair]] [[1952]] a rugadh é) Príomh-aire na [[an Rúis|Rúise]] ón mbliain [[2008]] i leith. Roimhe sin, bhí sé ina Uachtarán ón mbliain 2000 go dtí 2008.



Leagan ó 18:22, 14 Aibreán 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir

Pútín ina óige.

Putin should be hanged for crimes against Russian nation. It is a shame for us to allow such a man be President.

Is é Vladímír Vladímírovich Pútín (Влади́мир Влади́мирович Пу́тин; 7 Deireadh Fómhair 1952 a rugadh é) Príomh-aire na Rúise ón mbliain 2008 i leith. Roimhe sin, bhí sé ina Uachtarán ón mbliain 2000 go dtí 2008.

Tús a shaoil

Rugadh Pútín i Leningrad (Cathair Pheadair anois), agus bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975. Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith sé na blianta sa DDR (An Oir-Ghearmáin). Bhí sé ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB) ó Iúil 1998 go dtí Lúnasa 1999. Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999. Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh air mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis. D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Pútín mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar Stát Comhnasctha na Rúise. Bhuaigh Pútín toghcháin ina dhiaidh sin.

Ina uachtarán dó

Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Pútín. Tá sé cuibheasach óg, go háirithe i comparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an RúisisBéarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Pútín.

Má d'fhéach Ialtsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Pútín ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis, agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, m.sh. an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).

Pútín in éineacht le George W. Bush i Moscó, 24 Bealtaine 2002.

Chuir Pútín in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Pútín leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiúin Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Iaráic a chur i gcrích.

Bhain páirtí Pútín, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.

Deirtear go bhfuil dhá dhream ag obair ar an gCreimlín anois. Ceann amháin is ea iad na sílovicí, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata. Is éard atá sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine atá ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré. Is minic a bhíonn easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí, an mórghróintín artola. Cuireann Pútín strus air féin gan a bheith róchóngarach do cheachtar den dá dhream, cé go bhfuil baint ag a thánaiste Alacsandar Volaisin leis an gClann. Meastar gur bhagair Volaisin go n-éireodh sé as a phost nuair a gabhadh Chodorkovskí. Ghlac Pútín leis an seasamh anuas, agus chuir sé Dimítrí Meidvedev, cathaoirleach Gazprom, an comhlacht stáit gáis, ina áit.

Duine eile atá ceangailte leis an gClann is ea é an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov. Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Pútín gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí.

An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Pútín a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.

An 14 Márta 2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Pútín amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom. Ní cheadaítear do Phútín faoi Bhunreacht an Chomhnaisc Rúisigh dul don phobal den tríú huair (i ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh sé móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach níor thug sé le fios go dtí seo go bhfuil rún aige é sin a dhéanamh.)

Iad sin atá claonta le Vladimir Pútín, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.

Naisc sheachtracha


Roimhe bhí:
Sergei Stepashin
Príomh-aire na Rúise
8 Lúnasa, 1999—7 Bealtaine, 2000
Á Leanúint bhí:
Mikhail Kasyanov
Roimhe bhí:
Boris Yeltsin
Uachtarán na Rúise
31 Mí na Nollag 1999—7 Bealtaine 2008
Á Leanúint bhí:
Dmítrí Meidveideiv


Teimpléad:Nasc AR