An difríocht idir athruithe ar: "Apple Inc."

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: pt:Apple
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: zu:Apple
Líne 124: Líne 124:
[[zh-min-nan:Apple Inc.]]
[[zh-min-nan:Apple Inc.]]
[[zh-yue:蘋果集團]]
[[zh-yue:蘋果集團]]
[[zu:Apple]]

Leagan ó 20:43, 6 Aibreán 2012

Teimpléad:Comhlacht bosca eolais Is comhlacht leictreonaice tomhaltais é Apple Inc. atá lonnaithe i gCupertino, California, SAM. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhlacht i stair na ríomhaireachta. Athraíodh ainm an chomhlachta ó Apple Computer, Inc. go Apple Inc. ar an 9 Eanáir 2007 chun béim a leagan ar a mhargadh nua, leictreonaic tomhaltais.

Bhunaigh Steve Jobs agus Steve Wozniak an comhlacht i 1976. Bhí an-tionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith. Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977. Ba é forbairt Lisa i 1983 a thaispeáin cumhacht an chomhéadain ghrafaigh don domhan. Thug Apple isteach an Macintosh i 1984, ag forbairt an cur chun cinn a bhí déanta acu le comhéadan grafach a bhíodh cairdiúil don úsáideoir. Tá clú ar úsáideoirí Apple mar thomhaltóirí dílse. D'fhulaing Apple faoin iomaíocht ó chórais a bhí comhoiriúnach le IBM le linn na 1990í. Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú. I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. Eisíodh an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001 agus tá níos mó ná 100 milliún díolta ó shin. Sheol Apple an iPhone i 2007. Is é an guthán soghluaiste is iontaí atá ann agus tá éileamh ollmhór ar fad an domhain.

Tagairtí


Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR