An difríocht idir athruithe ar: "An Asarbaiseáinis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: su:Basa Azerbaijan
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: mhr:Азербайджан йылме
Líne 176: Líne 176:
[[lv:Azerbaidžāņu valoda]]
[[lv:Azerbaidžāņu valoda]]
[[mdf:Азербайджанонь кяль]]
[[mdf:Азербайджанонь кяль]]
[[mhr:Азербайджан йылме]]
[[mk:Азербејџански јазик]]
[[mk:Азербејџански јазик]]
[[mr:अझरबैजानी भाषा]]
[[mr:अझरबैजानी भाषा]]

Leagan ó 04:57, 6 Aibreán 2012

Teimpléad:Teanga Teanga Tuircice is ea an Asarbaiseáinis a labhraítear i bPoblacht iar-Shóivéadach na hAsarbaiseáine, in iarthuaisceart na hIaráine agus i dtíortha eile, go háirithe sa tSeoirsia. Tá sí an-chosúil leis an Tuircis, agus is iomaí Turcach a deir nach bhfuil ann ach canúint de chuid na teanga sin. Tá i bhfad níos mó focal ón bPeirsis in úsáid ag na hAsarbaiseánaigh, agus i bPoblacht na hAsarbaiseáine, cloistear cuid mhór focal Rúisise i gcónaí, i ndiaidh bhlianta fada an fhorlámhais Shóivéadaigh.

B'iad na litreacha Arabacha a bhíodh in úsáid ag na hAsarbaiseánaigh leis an teanga a bhreacadh síos, ar dtús. Nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis, áfach, chomhairligh siad an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar theangacha Tuirceacha an Aontais Shóivéadaigh. Sin é mar a rinneadh ar dtús, is é sin, ó thús na bhfichidí ar aghaidh. Bhí sé beartaithe san am seo an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar an Rúisis féin, nó theastaigh ó na Boilséivigh an tír ar fad a oscailt don Iartharachas. Nuair a chuir Stalin deireadh leis an oscailteacht seo, áfach, caitheadh na litreacha Iartharacha féin i dtraipisí, agus chrom na hAsarbaiseánaigh ar leagan den aibítir Choireallach a úsáid sna tríochaidí.

Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, chinn na hAsarbaiseánaigh ar an aibítir Laidineach a chur in úsáid ina dteanga arís. An leagan a úsáideann siad, tá sé an-chosúil le haibítir na Tuircise, nó seasann an litir Ç do "ch" an Bhéarla, agus an C do "j" an Bhéarla. Thairis sin, déantar idirdhealú idir I gan phonc agus İ le ponc. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le "ao" na Gaeilge, agus is gnáth-"í" an ceann eile. Is é an litir Ə an ceann is aistí sa teanga, agus í ag seasamh don fhuaim a chuirtear in iúl le [æ] in aibítir idirnáisiúnta na bhfuaimeanna, is é sin, an t-"a" tosaigh. Mar sin, ní hionann Ə na hAsarbaiseáinise agus [ə] na dteangeolaithe, a sheasann don "ghuta chúnta" dhoiléir.

San Iaráin, ní dhéantar mórán saothrú liteartha ar chanúint áitiúil na hAsarbaiseáinise, ach má scríobhtar í, is é an leagan Peirseach den aibítir Arabach a chuirfear i bhfeidhm uirthi, ar ndóigh. Teanga labhartha atá ann go bunúsach, áfach, agus is í an Pheirsis an teanga scríofa is fearr le haos léinn an chúige, fiú más í an Asarbaiseáinis atá ó dhúchas acu.

Tá an Asarbaiseáinis ag seacht milliún duine san Asarbaiseáin féin. Is deacair a rá, cé mhéad a labhraíonn í san Iaráin, ach is gnách glacadh leis go bhfuil sí ag tríocha milliún duine ar fad sa dá thír. Níl sé furasta a rá cé acu canúint Asarbaiseáinise nó teanga ar leith í canúint na treibhe fáin Qashqa'í san Iaráin, mar shampla.

Aibítir na hAsarbaiseáinise

A a

B b

C c - cosúil le "j" an Bhéarla

Ç ç - cosúil le "ch" an Bhéarla

D d

E e

Ə ə - cosúil leis an "a" san fhocal Béarla hat, nó le "á" Ghaeilge Uladh

F f

G g

Ğ ğ - cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear an "gh/dh" leathan i dtús an fhocail sa Ghaeilge. San Asarbaiseáinis, áfach, ní chloistear an fhuaim seo riamh i dtús an fhocail. Úsáidtear an litir seo sa Tuircis chomh maith, ach is litir bhalbh í sa teanga chaighdeánach, ansin.

H h

X x - cosúil le "ach!" na Gearmáinise, nó leis an "ch" leathan sa Ghaeilge.

I ı - cosúil le "ao" na Gaeilge

İ i - "í" den ghnáthchineál

J j - cosúil le "j" na Fraincise, nó an dóigh a bhfuaimnítear an "s" san fhocal Béarla "measure"

K k - fuaimnítear an K an-chaol san Asarbaiseáinis, agus i gcanúintí na hIaráine, bíonn sé chomh caol is go n-éiríonn sé cosúil le "ch" an Bhéarla

Q q - is mar "g" leathan is minicí a fhuaimnítear an ceann seo, ach i bhfocail éagsúla, bíonn sé cosúil leis an "k" leathan nó leis an "x".

L l

M m

N n

O o

Ö ö - cosúil leis an nGearmáinis

P p

R r

S s

Ş ş - "s" caol, nó cosúil le "sh" an Bhéarla

T t

U u

Ü ü - cosúil leis an nGearmáinis

V v

Y y - cosúil leis an mBéarla.

An cupla focal

bəli - sea

yox - ní hea

yaxşı - go maith

pis - go dona

sağ olun - go raibh maith agat

başa düşmürəm - ní thuigim

zəhmət olmazsa, aramla danışın - ná bí ag labhairt chomh gasta sin, le do thoil

salam - Dia dhuit

xudahafiz - slán

Léigh freisin

AWDE, Nicholas agus Famil Ismailov: Azerbaijani. Azerbaijani-English English-Azerbaijani Dictionary & Phrasebook. Sraith Caucasus World, Curzon Press, Surrey 1999

MAMEDOV, Seville: Hippocrene Concise Dictionary - English-Azerbaijani, Azerbaijani-English. Nua-Eabhrac 2005

An Asarbaiseáinis
Vicipéid le fáil as An Asarbaiseáinis freisin