An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Samóideacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: vep:Samodižed keled
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:زبان‌های سموئیدی
Líne 27: Líne 27:
[[es:Lenguas samoyedas]]
[[es:Lenguas samoyedas]]
[[et:Samojeedi keeled]]
[[et:Samojeedi keeled]]
[[fa:زبان‌های سموئیدی]]
[[fi:Samojedikielet]]
[[fi:Samojedikielet]]
[[fr:Langues samoyèdes]]
[[fr:Langues samoyèdes]]

Leagan ó 19:56, 5 Aibreán 2012

Craobh i gcrann ginealais na dteangacha Úralacha is ea iad na teangacha Samódacha nó an tSamóidis. Tá na teangacha Samódacha gaolmhar leis na teangacha Fionn-Úgracha, cosúil leis an Úngáiris, an Fhionlainnis, agus an Eastóinis, ach is fada amach an gaol é. Is iad na teangacha Samódacha agus na teangacha Fionn-Úgracha an dá phríomhchraobh san fhine Úralach. Labhraítear na teangacha Samódacha cois na Farraige Báine, Fharraige Kara agus Fharraige Laptev, is é sin, ar chósta thuaidh na Rúise, timpeall na Sléibhte Úralacha.

Tá na teangacha Samódacha féin roinnte ina dhá bhfoghrúpa, mar atá:

Fánaithe Arctacha is ea iad na Samódaigh agus iad i dtuilleamaí a gcuid réinfhianna le haghaidh bia, beatha agus éadaí. Níl an cineál seo saoil ró-inréitithe leis an tsochaí nua-aimseartha, agus mar sin, tá cuid mhaith de na teangacha thuasluaite imithe in éag nó ag foghlaim an bháis. Is í an teanga Nenets an t-aon cheann amháin acu a bhfuil sracadh inti go fóill, agus í ó dhúchas ag beagnach tríocha míle duine. Tá na teangacha Kamas agus Mator imithe go hiomlán, chomh maith leis an teanga Yurats, agus níl ach dornán seandaoine ag labhairt Enets. Tá míle, nó cupla míle, cainteoirí ag na teangacha Nganasan agus Selkup. Is í an teanga Selkup an t-aon teanga bheo amháin i gcraobh na Samóidise Theas.