An difríocht idir athruithe ar: "An Impireacht Naofa Rómhánach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.5.4) (róbat ag suimiú: mzn:روم مقدس ایمپراتوری
Líne 72: Líne 72:
[[ms:Empayar Suci Rom]]
[[ms:Empayar Suci Rom]]
[[mwl:Sacro Ampério Romano-Germánico]]
[[mwl:Sacro Ampério Romano-Germánico]]
[[mzn:روم مقدس ایمپراتوری]]
[[nds:Hillig Röömsch Riek vun Düütsche Natschoon]]
[[nds:Hillig Röömsch Riek vun Düütsche Natschoon]]
[[nds-nl:Heilige Roomse Riek]]
[[nds-nl:Heilige Roomse Riek]]

Leagan ó 08:36, 3 Aibreán 2012

An Impireacht Naofa Rómhánach timpeall na bliana 1600.

Stát i lár na hEorpa ba ea an Impireacht Naofa Rómhánach (Gearmáinis: Heiliges Römisches Reich (HRR), Laidin: Sacrum Romanum Imperium (SRI)), a mhair ó 962 go 1806. Ba é Otto Mór an chéad Impire agus ba é Proinsias II an tImpire deireanach. "Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh" a thugtaí uirthi go hofigiúil (Gearmáinis: Heiliges Römisches Reich Deutscher Nation, Laidin: Sacrum Romanum Imperium Nationis Germanicæ) ón 16ú haois go dtí gur tháinig deireadh léi san ochtú céad déag.

I mbuaic a réime bhí Ríocht na Gearmáine, Ríocht na hIodáile agus Ríocht na Burgúine faoi smacht na himpireachta. Is ionann na críocha seo agus an Ghearmáin (ach amháin deisceart Schleswig), an Ostair (ach amháin Burgenland), Lichtinstéin, an Eilvéis, an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg, Poblacht na Seice, an tSlóivéin (ach amháin Prekmurje) chomh maith le cuid mhaith den Fhrainc (Artois, Alsace, Franche-Comté, Savoie agus Lorraine), den Iodáil (an Lombaird, Piodmant, Emilia-Romagna, an Tuscáin, agus Alto Adige-an Tioróil Theas go mór mhór), agus den Pholainn (an tSiléis, Pomerania, agus Neumark go mór mhór). De ghnáth, ní bhíodh smacht iomlán ag an impire ar na céadta, prionsachtaí, diúcachtaí, contaetha agus cathracha saora go léir san impireacht. In ainneoin an ainm ní leis an Róimh ach le lár na hEorpa a bhaineann an Impireacht Naofa Rómhánach.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR