An difríocht idir athruithe ar: "An Iodáilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: new:इटालियानो
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: lez:Итал чӀал
Líne 112: Líne 112:
[[la:Lingua Italiana]]
[[la:Lingua Italiana]]
[[lb:Italienesch]]
[[lb:Italienesch]]
[[lez:Итал чӀал]]
[[li:Italiaans]]
[[li:Italiaans]]
[[lij:Lèngoa italiann-a]]
[[lij:Lèngoa italiann-a]]

Leagan ó 10:50, 28 Márta 2012

Teimpléad:Teanga

Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italianolingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea í an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.

Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.

An Iodáilis
Vicipéid le fáil as An Iodáilis freisin