An difríocht idir athruithe ar: "Mairéad Ní Mhaonaigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: eu:Mairéad Ní Mhaonaigh
Líne 67: Líne 67:


[[en:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[en:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[eu:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[fr:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[fr:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[it:Mairéad Ní Mhaonaigh]]
[[it:Mairéad Ní Mhaonaigh]]

Leagan ó 16:47, 17 Márta 2012

Teimpléad:Bosca sonraí ceoltóir Is amhránaí agus fidléir í Mairéad Ní Mhaonaigh (a rugadh sa bhliain 1962) as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Éire.

Beathaisnéis

Tá clú agus cáil ar Mhairéad mar bhall ar an grúpa fíorcháiliúil Altan. Tógadh í féin, a deartháir Gearóid agus a deirfiúr Anna i gCois Claidí i nGaoth Dobhair, agus d'fhreastail sí ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Múinteoir agus príomhoide bunscoile ba ea a hathair, Proinsias (Francie) i scoil an Luinnigh. Bhí cáil ar Francie mar fhidléir, mar dhrámadóir (scríobh sé geamaireachtaí d'Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta) agus mar chumadóir an amhráin 'Gleantán Glas Ghaoth Dobhair.

D'fhoghlaim Mairéad an ceol óna hathair agus ón fhidléir cáiliúil Dinny McLaughlinn (a raibh an grúpa traidisiúnta Aileach aige) agus d'fhoghlaim sí amhráin traidisiúnta Thír Chonaill fosta le linn a hóige. Casadh an ceoltóir Frankie Kennedy uirthi nuair a bhí sí cúig bliana déag d'aois agus chuaigh siad beirt le bunmhúinteoireacht i mBaile Átha Cliath. Chaith siad cúpla bliain ag seinm le chéile agus phós siad sa bhliain 1981. Tar éis tamall de bhlianta d'éirigh siad as an mhúinteoireacht agus thosaigh ag seinm go lánaimseartha lena ngrúpa Altan. Fuair Frankie bás go hóg sa bhliain 1994 ach lean Mairéad agus an grúpa ar aghaidh agus bhain cáil agus gradam idirnáisiúnta amach.

In 2008, rinne Mairéad a chéad albam aonarach a chríochnadh. Tugadh Imeall air.

Diosceolaíocht

Albaim Aonaracha

Le Frankie Kennedy

  • Ceol Aduaidh (1983)
  • Altan (1987)

Altan

Íomhá:Canúintí Ceoil -Mairéad Ní Mhaonaigh-www.TG4.ie- 5780533755 4450668e19 o.jpg
Clár ó TG4

* Horse with a Heart (1989)

  • The Red Crow (1990)
  • Harvest Storm (1991)
  • Island Angel (1993)
  • Once Again 1987- 93 (1993)
  • The First Ten Years (1986-1995) (1995)
  • Blackwater (1996)
  • Best Of Altan (1997)
  • Runaway Sunday (1997)
  • Altan's Finest (1999)
  • Another Sky (2000)
  • The Blue Idol (2002)
  • Local Ground (2005)

String Sisters

  • String Sisters Live (2007)
  • String Sisters Live DVD (2007)

Aoi-Cheoltóir

  • Fiddle Sticks (1991 - ceoltóirí éagsula)
  • The Holy Ground (1993 - Mary Black)
  • Little Sparrow (2001 - Dolly Parton)
  • Volume Three: Further In Time (2001 - Afro Celt Sound System)
  • Tráthnóna Beag Aréir (2008 - Albert Fry)

Naisc sheachtracha