An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Grúpa eitneach iad '''na Máigigh''' a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco...'
 
No edit summary
Líne 3: Líne 3:
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó 2000 RC go 250 AD, agus ba iad na blianta ´0 250 go 900 AD bláth Clasaiceach na Máigeach. San ochtú agus san naoú haois, áfach, thosaigh an tóin ag titim faoin tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin, áfach. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna éiceolaíochta - b'fhéidir go raibh na Máigigh ansin i ndiaidh an iomarca foraoise a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na Spáinnigh ag forghabháil na hilchríche.

Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.

Leagan ó 12:52, 26 Feabhra 2012

Grúpa eitneach iad na Máigigh a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leathinis Yúcatan, mar atá, Yúcatan, Quintana Róo, agus Campeche. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh. Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigeach chomh maith. Bhí na Máigigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile. Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.