An difríocht idir athruithe ar: "Aoine an Chéasta"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: mk:Великпеток
MystBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag baint: et:Suur reede
Líne 31: Líne 31:
[[eo:Granda vendredo]]
[[eo:Granda vendredo]]
[[es:Viernes Santo]]
[[es:Viernes Santo]]
[[et:Suur reede]]
[[eu:Ostiral Santu]]
[[eu:Ostiral Santu]]
[[fa:جمعه نیک]]
[[fa:جمعه نیک]]

Leagan ó 04:07, 21 Feabhra 2012

Is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Dhomhnach na Cásca. De réir fhoirceadal na Críostaíochta, b'ar an Aoine seo a céasadh Íosa Críost go bás ar an gCros.

Imeachtaí Aoine an Chéasta

Íosa Críost ar an gCros - pictiúr le hAlbrecht Dürer.

De réir mar a deirtear sa Bhíobla, tháinig na hardsagairt agus na seanóirí le chéile ar maidin le socrú le chéile go gcuirfí Íosa chun báis. Chuir siad an bhreith seo faoi bhráid an ghobharnóra Rómhánaigh, Pointias Pioláid, nach raibh rófhonnmhar chun Íosa a chur chun báis. Faoi bhrú na n-ardsagart agus na seanóirí, áfach, agus iad siúd ag gríosú na gramaisce in aghaidh Íosa, ghéill Pioláid Íosa a chur chun báis. Theastaigh ó na hardsagairt Íosa a mharú mar bhlaisféimeoir, ó bhí sé tar éis a rá gurbh é mac Dé é, ach d'áitigh siad ar Phioláid gur ceannairceoir agus tuathghríosóir ab ea é Críost a bhí ag iarraidh "rí na nGiúdach" a ghairm de féin - is é sin, rí a bhí ag beartú na Rómhánaigh a ruaigeadh as Iarúsailéim agus ríocht neamhspleách na nGiúdach a bhunú. Tugadh le fios do Phioláid "nach mbeadh sé ina chara mhaith ag Impire na Róimhe", ach oiread, mura mbeadh sé sásta an bhreith bháis a dhearbhú.

Chuir saighdiúirí an ghobharnóra clóca dearg ar Íosa agus chuir siad "coróin" de chraobhacha deilgneacha air le hé a chéasadh. Ansin, thug siad "rí na nGiúdach" air go magúil, agus iad ag ligean orthu féin go raibh siad ag umhlú dó mar a bheadh rí ann. Ina dhiaidh sin, bhain siad an clóca de arís agus iad á bhualadh is á chéasadh. B'éigean d'Íosa a chros féin a iompar go Calvaire, áit ar tairneáladh den chros é.

Féach freisin