An difríocht idir athruithe ar: "Lal Lal, Victoria"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 47: Líne 47:
* [[Wallace, Victoria]]
* [[Wallace, Victoria]]
* [[Yendon, Victoria]]
* [[Yendon, Victoria]]

[[Catagóir:Bailte i Victoria]]


[[en:Lal Lal, Victoria]]
[[en:Lal Lal, Victoria]]

Leagan ó 04:56, 14 Feabhra 2012

Baile beag in Victoria na hAstráile is ea Lal Lal. Tá sé le fáil in aice le hiarnród Geelong-Ballarat. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 677 duine ann agus ba de shliocht Bundúchasach naonúr acu. Bhí a lán teangacha nár Bhéarla iad á labhairt sa bhaile: Gearmáinis (6), Máltais (5), Ollainnis (5), Iodáilis (5) agus Polainnis (4).[1]

Stair

Na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ina gcónaí sa cheantar ar dtús. Rinne teacht na nEorpach díobháil mhór dóibh. Chaill siad a slí mhaireachtála agus ní raibh cosaint acu ar armáin na strainséirí, ar ghalracha nua ná ar an ól. Tá teallaigh dá gcuid le feiceáil sa cheantar fós.

Sa bhliain 1840 chuir na hUaisle Blackney agus Airey réimse caorach ar bun ar thug siad Lal Lal ("uisce") air. Cheannaigh Peter Inglis é sa bhliain 1845, agus cheannaigh a nia Arthur Fisken arís é an bhliain chéanna.

D'fhág ruathar óir a rian ar an limistéar sa bhliain 1851, agus thosaigh siad ag baint amhiarainn sa bhliain 1854. Sa bhliain 1857 tháinig siad ar ghual donn agus ar chaoilín. Chuirtí an caoilín chun Sasana chun poirceallán a dhéanamh, agus tá sé á bhaint ann fós. Sa bhliain 1862 osclaíodh stáisiún iarnróid agus cuma ghalánta air, agus sa bhliain 1875 tógadh craobhlíne chun an ráschúrsa, áit a mbíodh tarraingt mhór daoine uirthi. Bhí rásaí ar siúl ann anuas go dtí an Dara Cogadh Domhanda, agus sa bhliain 1937 tharla an cruinniú is mó dá raibh ann ag aon rásaí tuaithe capall - 32,000 duine.

D'oscail Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1863 agus dhún sa bhliain 1969.[2]

Easanna Lal Lal

Cruthaíodh na heasanna de bharr gniomhaíocht bholcánach, agus bhí baint ar leith ag na Wathaurong leo. Tá idir dhamhnú eibhir agus dhamhnú basaltach le fáil ann. Tháinig sruth ann de bharr chreimeadh na carraige agus é ag rith síos chun an Moorabool, agus tá na linnte an-domhain. Roimh chruthú na n-easanna bhí loch ann.

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Eolas do thurasóirí

Suíomh an cheantair

Naisc

Bailte i Sír Moorabool, Victoria