An difríocht idir athruithe ar: "Mount Egerton, Victoria"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 49: Líne 49:
* [[Wallace, Victoria]]
* [[Wallace, Victoria]]
* [[Yendon, Victoria]]
* [[Yendon, Victoria]]

[[Catagóir:Bailte i Victoria]]


[[en:Mount Egerton, Victoria]]
[[en:Mount Egerton, Victoria]]

Leagan ó 04:53, 14 Feabhra 2012

Baile beag de chuid Victoria san Astráil is ea Mount Egerton. Tá sé le fáil i Sír Moorabool, seacht gciliméadar is nócha siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair an Stáit. Seanbhaile mianadóireachta é, agus de réir dhaonáireamh Astrálach na bliana 2006 bhí 215 duine ina gcónaí ann. Ba de shliocht Bundúchasach 1.9% díobh.[1]

Tá talamh cothrom ar thaobh amháin de Mount Egerton agus talamh crochta ar an taobh eile. Tá cuid mhaith foraoise timpeall na háite fós.[2]

Stair

Bhíodh na Wathaurong, pobal Bundúchasach, ina gcónaí anseo, agus lonnaigh Eorpagh san áit nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1853 ag an All Nations Gully.[3] Lean an mhianadóireacht tar éis an chéad ruathar agus ór á bhaint as síog ghrianchloiche le mionán. Tá an gléasra meilte agus roinnt iarsmaí eile le feiceáil fós. Thit an seanmhianach ar a chéile na blianta i bhfichidí an fichiú haois agus tá log mór le feiceáil ann.

D’oscail Oifig an Phoist ar 1 Feabhra 1856 agus dhún sa bhliain 1993.[4] Bhí banc ann freisin agus robáil Captain Moonlite, ceithearnach coille iomráiteach, sa bhliain 1869 é, coir a chuir tús lena shlí bheatha mar bhithiúnach.

Bhíodh séipéal beag adhmaid ann do Chaitlicigh agus é in úsáid anuas go dtí an chuid dheireanach den fichiú haois.

D’oscail an bhunscoil ar 6 Samhain 1877 agus tá sí ar oscailt i gcónaí.[5]

Tá seanreilig ann, cé gur beag ainm Éireannach atá le feiceáil ar na leaca uaighe.[6]

Tagairtí

Féach freisin

Baxter, James G.: Mount of Gold. Mount Egerton Primary School 1977.

Toohey, Jack: On the Eastern Fringe: Recollections and Stories on the Settlement and Farming Histories in the Bungaree, Wallace, Bolwarrah and Gordon Districts. Ballarat 2005.

Naisc

Bailte i Sír Moorabool, Victoria