An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 48: Líne 48:
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.


Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir nó ''tunumiisut'', agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.



{{síol}}
{{síol}}

Leagan ó 16:24, 12 Feabhra 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre

Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn (Danmhairgis: Grønland nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise Kalaallit Nunaat ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra Cheanada, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailter arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta.

Tháinig na hIonúitigh go dti an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.

Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó Rigsfællesskabet. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.

Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir nó tunumiisut, agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.

Teimpléad:Nasc AR