An difríocht idir athruithe ar: "An Ghraonlainn"
m r2.7.2+) (róbat ag suimiú: my:ဂရင်းလန်ကျွန်း |
No edit summary |
||
Líne 42: | Líne 42: | ||
|fonótaí=}} |
|fonótaí=}} |
||
Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í '''an Ghraonlainn''' (Danmhairgis: ''Grønland'' nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise ''Kalaallit Nunaat'' ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra Cheanada, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailter arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta. |
|||
[[Cúige]] féinrialta na [[An Danmhairg|Danmhairge]] is ea '''An Ghraonlainn''' nó ''Kalaallit Nunaat'' as [[Graonlainnis]]. Is [[oileán]] mór í atá suite amach ó chósta oirthuaisceart [[Ceanada|Cheanada]]. |
|||
Tháinig na hIonúitigh go dti an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn. |
|||
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó ''Rigsfællesskabet''. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn. |
|||
{{síol}} |
{{síol}} |
Leagan ó 16:17, 12 Feabhra 2012
Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn (Danmhairgis: Grønland nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise Kalaallit Nunaat ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra Cheanada, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailter arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta.
Tháinig na hIonúitigh go dti an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta de chuid na Danmhairge. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, Comhlathas na Ríochta, nó Rigsfællesskabet. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |