An difríocht idir athruithe ar: "Maoracht éisc"

Jump to navigation Jump to search
no edit summary
Tugtar go minic mar "uisceadoir", ós rud é nach mbíonn achan duine acu ag plé le héisc amháin. Is féidir leis an chaitheamh aimsire a bheith roinnte i dtrí ndisciplíní sonracha de réir an cineál uisce a nglacann na héisc leis: maoracht [[fionnuisce|fhionnuisce]], [[Uisce mearsháile|mhearsháile]], agus mhuirí (ar a dtugtar freisin sáile).
 
===Fionnuisce===
Is í an mhaoracht fhionnuisce an brainse is mó a bhfuil gean air sa chaitheamh aimsire seo, agus is minic na siopaí peataí is lú ag díol réimse na n-iasc fionnuisce, mar na héisc órga, [[gupaí|gupaithe]], agus bráthair (Pterophyllum). Cé gur uisceadáin phobail iad formhór na n-uisceadán fionnuisce a choimeádann speicis éagsúla comhoiriúnacha, bíonn tóir freisin ar uisceadáin i gcomhair speicis amháin. Bíonn éisc beobhreitheach mar na Poeciliidae agus na gupaithe i measc na niasc is éasca a thógail faoi mbraighdeanas, ach póraíonn uisceadoirí, go rialta, cuid mhaith cineálacha de na Cichlidaede, cait mhara, Characidae agus Cyprinodontiformes.
uiscedhreach
Bíonn linnte garraithe, ar bhealaí, cosúil le huisceadáin fhionnuisce, ach de ghnáth, i bhfad níos neamhchosanta ón aimsir chomhthimpeallach. Sna Trópaicí, is féidir éisc trópaiceacha a choinneáil i linnte garraithe, ach sa gcrios measartha is fearr a neiríonn le speicis mar ''Carassius auratus auratus'' (iasc órga) , ''nishikigoi'' (Béarla: Koi), agus ''Leuciscus idus'' (Béarla: ide nó orfe).
 
===Sáile===
 
Go ginearálta, bíonn uisceadáin mhuirí níos deacra a choimeád ar siúl agus bíonn an beostoc i bhfad níos costasaí. Mar thoradh air sin, meallann an brainse seo maorachtaí a bhfuil níos mó taithí acu. Is féidir leis na huisceadáin seo a bheith go hálainn ar fad, mar gheall ar dhathanna agus ar chruthanna tarraingteach na g[[coiréal]] agus na héisc coiréalacha sceireacha a bhíonn óstáilte ann.
Is minic a bhíonn fonn ar mhaorachtaí éisc mara sceireacha coiréil a athchruthú le húsáid a bhaint as chainníochtaí móra de charraigeacha beo, carraigeacha cailcreach póiriúla clúdaithe le halgaí coralline, spúinsí, péisteanna, agus orgánaigh beaga muirí eile. Níos déanaí, cuirtear coiréil móra chomh maith le [[ribe róibéis|ribí róibéis]], [[portán|portáin]], [[eicínideirmeach|eicínideirmigh]], agus [[moileasc|moilisc]], nuair a bhíonn an tuisceadán aibí, chomh maith le réimse na n-iasc beag. Uaireanta, tugtar [[uisceadán sceire|uisceadáin sceire]] ar an an saghas seo uisceadáin.
 
===Mearsháile nó uisce goirt===
Comhcheanglaíonn uisceadáin mhéarsáile le chéile gnéithe de na huisceadáin thuas luaite eile, le salandacht nach mór fanacht idir an méid a bhíonn san bhfionnuisce agus uisce na farraige. Tagann éisc uisce goirt ó gnáthóga le [[salandacht]] éagsúla, mar shampla [[mangróbh|mangróibh]] agus [[inbhear|inbhir]], agus ní thagann rathú orthu má choimeádtar go buan i bhfíoruisce iad. Cé nach bhfuil uisceadáin le huisce goirt de gnáth ar eolas an t-uisceadora neamhchleachtaigh, is fearr le go leor speiceas uisce goirt, lena n-áirítear roinnt ''Poeciliidae'' (Béarla; mollies), ''Gobiidae'' go leor, roinnt ''Tetraodontidae'', ''Monodactylidae'', ''Scatophagidae'', agus beagnach gach ''Soleidae'' nó sól fionnuisce.
==Bunús na maorachta éisc==
Úsáideoir gan ainm

Roghchlár nascleanúna