An difríocht idir athruithe ar: "Paradacsa Simpson"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: de, es, fr, he, hu, it, ja, nl, pl, ru, sk, sl, sv, zh
Líne 156: Líne 156:
{{Reflist}}
{{Reflist}}


[[de:Simpson-Paradoxon]]
[[en:Simpson's paradox]]
[[en:Simpson's paradox]]
[[es:Paradoja de Simpson]]
[[fr:Paradoxe de Simpson]]
[[he:פרדוקס סימפסון]]
[[hu:Simpson-paradoxon]]
[[it:Paradosso di Simpson]]
[[ja:シンプソンのパラドックス]]
[[nl:Simpsons paradox]]
[[pl:Paradoks Simpsona]]
[[ru:Парадокс Симпсона]]
[[sk:Simpsonov paradox]]
[[sl:Simpsonov paradoks]]
[[sv:Simpsons paradox]]
[[zh:辛普森悖论]]

Leagan ó 10:00, 5 Feabhra 2012

Tá an paradacsa seo ag baint le saobh-comhghaolú (spurious correlation) sa staidreamh agus mí-chruinneas san réasúnaíocht.

Tá ollscoil ann, ina n-éironn níos fearr ag na cailíní i ngach dámh, ach ar an iomlán, tá na buachaillí níos fearr. Mar shampla, sa Stair, tá ráta pas, sna scrúdaithe, de 90% ag na cailíní, i gcomparáid le 80% dos na buachaillí. Is mar an gcéanna é sa bhFisic – cailíní (33%) agus buachaillí (10%).

Ag braith ar an eolas sin, tá sé réasúnta a ghlacadh go bhfuil ráta pas na gcailíní san ollscoil (níl ach an dá dhámh Stair agus Fisic ann) níos fearr ná an ráta dos na buachaillí. Ach a mhalairt atá, mar tá ráta pas na mbuachaillí (70%) níos mó ná ráta pas na gcailíní (56%).

Nuair a iniúchaimid na figiúírí i Tábla 1, tá sé soiléir go bhfuil an mhatamaitic ceart agus go raibh dul amú orainn.

Tagann na rátaí pas san ollscoil ón méan ualaithe (weighted mean) mar seo leanas

   Buachaillí     [600@80% + 100@10%] / [600+100] = 70%
   Cailíní          [200@90% + 300@33%] / [200+300] = 56%.

Is léir ón bhFigiúr go n-iompaíonn na méan rataí idir buachaillí agus cailíní sa caoi is go bhfuil an ráta do na buachaillí san ardréim.

Tá mí-chrothromaíocht sna ualaigh – an líon is mó de na buachaillí ag dul leis an ráta is mó agus formhór na gcailíní ag dul leis an ráta is lú agus tá bearna an-mhór idir na rátaí pas sa Stair sa don bhFisic. Is rud neamh-ghnáthach é seo. I staidéar [1] ar táblaí (2 x 2 x 2) mar atá anseo, tá dóchúlacht de 1/60 go mbéadh an dáileadh idir na tréithe ionas go sásófaí coinníollacha paradacsa Simpson (faoi choinníollacha áirithe).

Scríobh Edward H. Simpson,[2] faoin ábhar seo i 1951, ach bhí sé ar eolas ag staitisteoirí roimhe sin. Mar shampla Karl Pearson, et al., i 1899, [3] agus Udny Yule, in 1903[4] .

Fig. 1 Paradacsa Simpson
Fig. 1 Paradacsa Simpson
Tábla 1: Paradacsa Simpson
Dámh Scrúdú Buachaillí Cailíni
Stair Pas 480 180
Teip 120 20
Pas+Teip 600 200
Ráta Pas 80% 90%
Fisic Pas 10 100
Teip 90 200
Pas+Teip 100 300
Ráta Pas 10% 33%
Stair + Fisic Pas 490 280
Teip 210 220
Pas+Teip 700 500
Ráta Pas 70% 56%


Tagairtí

  1. Marios G. Pavlides and Michael D. Perlman (August 2009). "How Likely is Simpson’s Paradox?". The American Statistician 63 (3): 226–233. doi:10.1198/tast.2009.09007. 
  2. Simpson, Edward H. (1951). "The Interpretation of Interaction in Contingency Tables". Journal of the Royal Statistical Society, Ser. B 13: 238–241. 
  3. "Genetic (reproductive) selection: Inheritance of fertility in man" (1899). Philosophical Translations of the Royal Statistical Society, Ser. A 173: 534–539. 
  4. G. U. Yule (1903). "Notes on the Theory of Association of Attributes in Statistics". Biometrika 2: 121–134. doi:10.1093/biomet/2.2.121.