An difríocht idir athruithe ar: "Sciorradh Storegga"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
MystBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: it:Frana di Storegga
Líne 15: Líne 15:
[[en:Storegga Slide]]
[[en:Storegga Slide]]
[[fr:Storegga]]
[[fr:Storegga]]
[[it:Frana di Storegga]]
[[nn:Storeggaraset]]
[[nn:Storeggaraset]]
[[no:Storeggaraset]]
[[no:Storeggaraset]]

Leagan ó 22:38, 31 Eanáir 2012

Sreabha Stóiréaga

Is samplaí de na sreabha talúin ba mho dá taifeadadh riamh iad na trí Sreabha Stóiréaga. Tharla siad faoin uisce, ag teorainn scairbh ilchríochach na hIorua (ciallaíonn "Stóiréaga", nó Storegga "Oll-Teorainn" in Ioruais), sa Mhuir Ioruach, 100 km i dtreo an iarthuaisceart ón Chósta Móir (Møre). De bharr an sleamhnaithe sin, d'fhorbair súnámaí mór a rinne damáiste do chóstaí ar fud tuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bhí timpeall 290 km de scairbh chósta pháirteach sa sreabh, le toirt iomlán de 3,500 km3 de smionagar. Bunaithe ar Dhátú Radacarbóin de phlandaí aimsithe ó shil-leagan dríodair sil-leagtar ag an súnámaí, thárla an sreabh deireaneach timpeall 6100 RC. San Albain, tá fianaise de súnámaí aimsithe ag seandálaithe- sil-leagain aimsithe in imchuach an Mhonadh Róis- suas go dtí 80 km intíre agus 4 méadar thar an ghnáth-leibhéal taoide sa lá atá inniu ann.

Meicníocht Féideartha

Ceaptar gurbh iad creathanna talúin, le chéile le gásanna (msh. meatán) scaoilte ón dianscaoileadh de ghásanna hiodráit, iad an chúis do na sreabha. Is seans eile é ná go raibh na dríodair éagobhsaí, agus gur theip siad fanacht ag seasamh tar éis crith talúin nó na sruthanna farraige.

Iarmhairt ar an Daonra agus Tíreolas na hEorpa

Timpeall an sreabh Stóiréaga deireaneach, bhí droichead talúin, a ghlaotar Talamh Dóigéir air, ag ceangailt an Bhreatain (bhí droichead talúin na hÉirinn leis an Albain scriosta níos luatha mar gheall ar éirí leibhéal na farraige- leá na Oighearchlúideanna) leis an Danmhairg agus an Ísiltír, a chlúdaigh an Mhuir Thuaidh. Bhí an talamh seo lán le tránna, murlaigh, riasca agus réileáin láibe, agus ba talamh seilge tábhachtach don daonra Mheisiliteach é- chónaigh chuid mhóir éisc agus beithigh (ar nós an Fia Mhór Éireannach, nó áracsanna) ann. Nuair a bhris (leá) an Oigheardamba ag scairreadh an Loch Agasíos sa Cheanada ón Bhá Hudsaín (agus ag stóráil a lán uisce), d'árdaigh leibhéal na farraige ar fud an Domhain. Mar seo, thosaigh laghdú ar an droichead talúin. Áfach, ba é an súnámaí an chúis gur chuaigh Talamh Dóigéar faoi uisce. Rinne sé seo oileán den Bhreatain, agus scair sé na daoine Mheisiliteacha go léir- ag athrú sruth na staire.