An difríocht idir athruithe ar: "Na Cluichí Gaelacha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fi:Gaelilaiset urheilulajit
Líne 38: Líne 38:
[[en:Gaelic games]]
[[en:Gaelic games]]
[[et:Gaeli sportmängud]]
[[et:Gaeli sportmängud]]
[[fi:Gaelilaiset urheilulajit]]
[[fr:Sport gaélique]]
[[fr:Sport gaélique]]
[[it:Sport gaelici]]
[[it:Sport gaelici]]

Leagan ó 22:20, 28 Eanáir 2012

Tugtar cluichí Gaelacha ar na cluichí dúchasacha a imrítear in Éirinn - peil Ghaelach na bhFear, peil Ghaelach na mBan, iomáint, camógaíocht, cluiche corr agus liathróid láimhe. Bhí na sean-spóirt Éireannacha ag imeacht i léig de réir a chéile agus an 19ú haois ag druidim chun deiridh, ach tugadh borradh an-mhór dóibh nuair a thosaigh an tAthbheochan Gaelach, agus le bunú an Chumainn Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 ach go háirithe.

Is iad na cluichí seo cluichí traidisiúnta náisiúnta na hÉireann. Réachtalaíonn Cumann Lúthchleas Gael iad (tá cumann speisialta ag peil na mban). Tá ceanncheathrú CLG i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Stair

Tá stair an-fhada ag cluichí Gaelacha, go mór mhór ag iománaíocht, cluiche a bhí ar siúl ag na Ceiltigh. Sa naoú haois déag, áfach, thosaigh laghdú ag teacht ar na cluichí seo. Fear é Micheal Cusack a bhí tugtha don Ghaeilge agus bhí an-imní air freisin faoin laghdú. Shocaigh sé aghaidh a thabhairt ar an gceist agus na cluichí a thabhairt chun fóirfe arís. Chas sé le roinnt daoine eile a bhí chomh díograiseach céanna leis féin. Is de bharr an fheachtais seo a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1884 i dTiobraid Árann.

Inniu

Murach bunú an chumainn agus iarrachtaí an uasail Cusack, is cinnte beagnach nach mbeadh na cluichí Gaelacha againn inniu. Thug an Cumann deis do dhaoine a bheith páirteach sna cluichí, chuidigh sé leis an mbród agus a bhféin-mheas mar phobal Éireannach. Tá fréamhacha an chumainn fíte fúaite sa bpobal ag léibhéil éagsúla, sa pharósite, sa chontae, go réigiúnach agus go náisiúnta. Tá an eagraíocht ar cheann de na cinn is mó ar domhan. Tá 3,000 cumann nó níos mó acu agus is mór an líon a thagann faoi thiochar an chumainn sa gcóras oideachais ach go háirithe. Fiú, tá cluichí Gaelacha le fáil ar fud an domhain. Imrítear craobh ceannais na gcluichí i bPáirc an Chrócaigh Baile Átha Cliath, páirc mhór bhreá.

Na Cluichí

Peil

Féach Peil Ghaelach

An cluiche Gaelach is mó a imrítear ná peil. Imríonn dhá fhoireann i gcluiche. Bíonn 15 imreoir ag gach foireann. Déanann na h-imreoirí iarracht cúilín nó cúl a fháil (is fiú cúl amháin 3 chúilín). Tá sé beagán cosúil le sacar agus le cispheil.

Iomáint/camógaíocht

Féach Iomáint agua Camógaíocht

Imríonn fir iománaíocht, agus imríonn mná camógaíocht. Bíonn na cluichí an-chosúil le chéile. Tá cuid mhaith de na rialacha cosúil le peil, ach bíonn camán ag gach imreoir.

Liathróid láimhe

Féach Liathróid láimhe

Imríonn beirt daoine an cluiche seo in aghaidh a chéile ar phinniúr nó ar chúirt le balla.

Cluiche corr

Féach Cluiche corr

Tá cluiche corr cosúil le daorchluiche, agus imrítear le bata agus sliotar é.



Na Cluichí Gaelacha

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |