An difríocht idir athruithe ar: "Canúint Ghaeilge Uladh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m [-[-]-]
Líne 99: Líne 99:
:::- ''Slán Leat, a Mhaicín''. Úrscéal do Dhaoine Óga. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998 (úrscéal) Na Rosa
:::- ''Slán Leat, a Mhaicín''. Úrscéal do Dhaoine Óga. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998 (úrscéal) Na Rosa


* [[Micí MAC GABHANN|MAC GABHANN, Micí]]: ''Rotha Mór an tSaoil.'' Seán Ó hEochaidh a scríobh, Proinsias Ó Conluain a chuir in eagar. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996/1997 (dírbheathaisnéis) Ulaidh
* [[Micí Mac Gabhann|MAC GABHANN, Micí]]: ''Rotha Mór an tSaoil.'' Seán Ó hEochaidh a scríobh, Proinsias Ó Conluain a chuir in eagar. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996/1997 (dírbheathaisnéis) Ulaidh


* MAC GIOLLA DOMHNAIGH, Gearóid agus Gearóid STOCKMAN (Eag.): ''Athchló Uladh.'' Comhaltas Uladh, Béal Feirste 1991 (béaloideas) Oirthear Uladh: Aontroim, Reachrainn
* MAC GIOLLA DOMHNAIGH, Gearóid agus Gearóid STOCKMAN (Eag.): ''Athchló Uladh.'' Comhaltas Uladh, Béal Feirste 1991 (béaloideas) Oirthear Uladh: Aontroim, Reachrainn
Líne 119: Líne 119:
* NIC GIOLLA BHRÍDE, Cáit: ''Stairsheanchas Ghaoth Dobhair''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996/1997 (seanchas, béaloideas, cuimhní cinn) Na Rosa
* NIC GIOLLA BHRÍDE, Cáit: ''Stairsheanchas Ghaoth Dobhair''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996/1997 (seanchas, béaloideas, cuimhní cinn) Na Rosa


* [[Pádraig Ó BAOIGHILL|Ó BAOIGHILL, Pádraig]]: ''An Coileach Troda agus scéalta eile''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 (gearrscéalta) Na Rosa
* [[Pádraig Ó Baoighill|Ó BAOIGHILL, Pádraig]]: ''An Coileach Troda agus scéalta eile''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 (gearrscéalta) Na Rosa
:::- ''Óglach na Rosann''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (beathaisnéis) Na Rosa
:::- ''Óglach na Rosann''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (beathaisnéis) Na Rosa
:::- ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Fhinne''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (aistí beathaisnéise) Na Rosa
:::- ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Fhinne''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (aistí beathaisnéise) Na Rosa
Líne 142: Líne 142:
* Ó GALLCHÓIR, Tomás: ''Séimidh agus scéalta eile''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996 Na Rosa
* Ó GALLCHÓIR, Tomás: ''Séimidh agus scéalta eile''. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996 Na Rosa


* [[Séamus Ó GRIANNA|Ó GRIANNA, Séamus]] (= "Máire"): ''Caisleáin Óir''. Cló Mercier, Baile Átha Cliath 1994 (úrscéal) Na Rosa
* [[Séamus Ó Grianna|Ó GRIANNA, Séamus]] (= "Máire"): ''Caisleáin Óir''. Cló Mercier, Baile Átha Cliath 1994 (úrscéal) Na Rosa
:::- ''Castar na Daoine ar a Chéile''. Scríbhinní Mháire 1. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal, altanna) Na Rosa
:::- ''Castar na Daoine ar a Chéile''. Scríbhinní Mháire 1. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal, altanna) Na Rosa
:::- ''[[Cith is Dealán]]''. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1994 (gearrscéalta) Na Rosa
:::- ''[[Cith is Dealán]]''. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1994 (gearrscéalta) Na Rosa
Líne 154: Líne 154:
* Ó LAIGHIN, Donnchadh C.: ''An Bealach go Dún Ulún''. Scéalta Seanchais agus Amhráin Nuachumtha as Cill Charthaigh. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 Cill Charthaigh
* Ó LAIGHIN, Donnchadh C.: ''An Bealach go Dún Ulún''. Scéalta Seanchais agus Amhráin Nuachumtha as Cill Charthaigh. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 Cill Charthaigh


* [[Cathal Ó SEARCAIGH|Ó SEARCAIGH, Cathal]]: ''Seal i Neipeal''. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 (leabhar taistil) Gort an Choirce
* [[Cathal Ó Searcaigh|Ó SEARCAIGH, Cathal]]: ''Seal i Neipeal''. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 (leabhar taistil) Gort an Choirce


* Ó SEARCAIGH, Séamus: ''Beatha Cholm Cille''. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997 Na Rosa
* Ó SEARCAIGH, Séamus: ''Beatha Cholm Cille''. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997 Na Rosa

Leagan ó 00:43, 22 Eanáir 2012

An céatadán de na daoine i ngach limistéar riaracháin in Ultaibh a bhfuil cumas acu Gaeilge a labhairt. (Contaetha de Phoblacht na hÉireann agus réimsí comhairle Dúiche Thuaisceart Éireann.

Is canúint de chuid na Gaeilge í Gaeilge Uladh. Go bunúsach, is ionann Gaeilge Uladh inniu agus Gaeilge Thír Chonaill, ó chuaigh na canúintí dúchasacha in éag in Oirthear Uladh sa chéad leath den 20ú haois. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge Uladh agus na canúintí eile. Ós rud é go raibh an-údarás ag Gaeilge na Mumhan nuair a bhí teanga liteartha na Gaeilge á hathbheochan sa chéad leath den fhichiú haois, ba bheag duine taobh amuigh de Thír Chonaill a raibh eolas aige ar chanúint an chúige.

Inniu féin, bíonn foghlaimeoirí na teanga níos aineolaí ar shaintréithre Ghaeilge Uladh ná ar na canúintí eile. Mar sin, ní bhíonn eagarthóirí na meán Gaeilge sásta gan ghramadach na scríbhneoirí Ultacha a cheartú agus a chaighdeánú le lámh láidir, siúd is go mbeidís iontach fáiltiúil roimh chanúnachas de chuid na Mumhan. Ós rud é go bhfuil formhór mór na nGaeilgeoirí tar éis súil a chaitheamh ar chlasaicigh na Mumhan, ar nós Peig agus An tOileánach, tá sé sábháilte a chreidiúint go dtuigfidh na léitheoirí an chanúint. Ní bhíonn na clasaicigh Ultacha á léamh chomh forleathan sin, áfach.

Na canúintí a labhraítí roimhe seo in Oirthear Uladh, bhí siad an-chosúil le Gaeilge na hAlban. An cineál Gaeilge atá fágtha beo i dTír Chonaill inniu, agus í á foghlaim ag na Gaeilgeoirí sna Sé Chontae fosta, tá sí sách difriúil le Gaeilge na hAlban, bíodh go bhfuil cuid mhaith comhthréithre ag an dá chanúint sin i gcónaí.

Fuaimniú

Tá fuaimniú Ghaeilge Uladh sách coimeádach, rud a fhágann nach bhfuil litriú caighdeánaithe an lae inniu chomh hoiriúnach don chanúint seo agus atá se don dá phríomhchanúint eile. Thar aon rud eile, is mar fhocail dhá shiolla a fhuaimnítear draíocht, ríocht agus focail chosúla eile. Mar sin, d'fhreastlódh an seanlitriú - draoidheacht, rídheacht - níos fearr ar fhocail den chineál seo.

I bhfocail den chineál seo, is ar éigean má chloistear an -ch- ar aon nós. San am céanna, áfach, bíonn an guta úd "a" roimh an "-ch-" le haithint go soiléir - ní guta cúnta doiléir a dhéantar de i bhfuaimniú na nUltach.

Bíonn dhá shiolla in iarmhíreanna an mhodha choinníollaigh agus na haimsire fáisteanaí ag na briathra freisin. Mar sin, is gnách foirmeacha cosúil le salóidh agus shalódh a fhuaimniú mar salóchaidh [salahi] agus shalóchadh [halahu] i gcanúint Uladh. Úsáidtear an litriú -ócha- (in áit ó an chaighdeáin) i leabhair ina bhfuiltear ag iarraidh cur síos cruinn a thabhairt ar fhuaimeanna na canúna.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de chlaonadh san -ó- fhada in iarmhíreanna an mhodha choinníollaigh gus na haimsire fáisteanaí dingeadh isteach sa dara siolla i dtamhan an bhriathair, más briathar sioncópach atá againn, ar nós ceangail: ceanglóchaidh ~ ceangólfaidh, mar shampla. San fhuaimniú, níl anseo ach meititéis: [k'anglahi] ~[k'angalhi]. Cloiseann an tUltach foirmeacha na mbriathar cosúil le sábháil díreach mar a bheadh -ó- sáiteach den chineál chéanna ann, is é sin, cloiseann sé sábhálfaidh mar a bheadh sábhólfaidh ann, [sa:walhi], agus mar sin, is dual dó an fhoirm seo a athrú go sábhlófaidh [sa:wlahi]. Faoi thionchar na meititéise seo tagann foirmeacha cosúil le sábhlaíonn (in áit sábhálann) in úsáid (cf. ceanglaíonn).

Foirmeacha spleácha

Maireann cuid mhaith foirmeacha neamhrialta ag na briathra nach gceadaítear sa chaighdeán oifigiúil, go háirithe an t-idirdhealú idir na foirmeacha spleácha is na foirmeacha neamhspleácha san aimsir láithreach: gheibh/ní fhaigheann (faigheann/ní fhaigheann an leagan caighdeánaithe - ón taobh eile de, is féidir go ngeibheann agus ní gheibheann a chloisteáil i nGaeilge na Mumhan), tchí/ní fheiceann (in áit feiceann/ní fheiceann an chaighdeáin oifigiúil - arís, is é cíonn/ní chíonn an rud a chloisfeá i gCúige Mumhan) 7rl.

Sna canúintí eile, is gnách uimhir uatha an ainmfhocail a urú ar lorg an ailt i ndiaidh an réamhfhocail shimplí: ag an bhfear. Is é an tréith is suntasaí i nGaeilge Uladh go séimhnítear í: ag an fhear. Thairis sin, cuirtear an réamhlitir t- roimh an s inséimhithe sa dá inscne: sa saol agus sa tsráid a deir an Caighdéan, ach is iad na leaganacha Ultacha ná ins an tsaol agus ins an tsráid. Tabhair faoi deara go gcloistear an leagan ins an, ins na go soiléir i gcanúint Uladh i gcónaí, siúd is go moltar sa, san, sna sa Chaighdeán.

Bíonn -adh (a fhuaimnítear mar u gairid) nó -ach (le "a" soiléir) go minic mar iarmhír ghinidigh ag ainmfhocail bhaininscneacha, beag beann ar an gcaighdeán oifigiúil: an stil - cró na stileach; an tine - áit na tineadh.

Cosúil le Gaeilge Chonnacht, cuireann canúint Uladh -s leathan leis an aimsir fháistineach agus an aimsir ghnáthláithreach sna clásail choibhneasta dhíreacha: is maith an rud a dhéanfas tú nuair a thiocfas ann duit (Séamus Ó Grianna). Tabhair faoi deara anseo gur clásail choibhneasta dhíreacha iad na clásail a thosaíonn le nuair, go stairiúil.

Litríocht

Bíonn blas na canúna le haithint ar stíl na scríbhneoirí dúchasacha, cosúil le Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna, Cathal Ó Searcaigh, Micí Mac Gabhann, Seán Bán Mac Meanman, Aindrias Ó Baoill, Pádraig Ó Baoighill, agus go leor eile. Thairis sin, is féidir a rá gur imir an chanúint an-tionchar ar an gcineál Gaeilge a shaothraítear sna Sé Chontae.

Tá iarsmaí deireanacha na canúna a labhraítí sna Sé Chontae anallód le fáil i saothar na seanfhilí, ar nós Airt Mhic Chumhthaigh, Pheadair Uí Dhoirnín, Chathail Bhuí, agus Airt Mhic Bhionaid.

Foclóirín Ghaeilge Uladh

  • a in áit ag ar lorg toisigh/toiseacht, téigh/ghoil, agus tar/theacht: Thoisigh mé a dh'obair anseo "thosaigh mé ag obair anseo".
  • acra gléas, ionstraim, sás, uirlis
  • áiméar seans
  • ait: b'ait liom ba mhian liom, ba mhaith liom, ba bhreá liom. "Aisteach" is brí leis an aidiacht sin ina lán canúintí eile, ach is é aistidheach (trí shiolla) an litriú is fearr a fhreastlaíonn ar an dóigh a bhfuaimnítear an aidiacht sin i gCúige Uladh
  • amharc féach, breathnaigh. Deirtear dearccoimhéad freisin. Is ionann féach agus bain triail as i nGaeilge Uladh. D'fhéach sé le rud a dhéanamh = bhain sé triail as rud a dhéanamh.
  • anonn: tá sé ag goil anonn ins an lá tá sé ag druidim chun deireanais, tá sé ag éirí deireanach, tá an tráthnóna agus an oíche ag teacht
  • ar los: ar los rud a dhéanamh le rud a dhéanamh. Le Gaeilge Oirthear Uladh a bhaineann an dul cainte seo, agus ní fheicfeá i litríocht Thír Chonaill é, is dócha.
  • ar son as (ucht): dhíol mé go daor ar a shon d'íoc mé go daor as. Ar mhaithe lei bhfách le a chloisfeá in Ultaibh mar Ghaeilge ar for an Bhéarla sa chiall for the sake of. - Coinnigh cuimhne air gurb é ar son a úsáidtear i nGaeilge na hAlban le for an Bhéarla a aistriú i ngach ciall, nach mór.
  • arbhar: is é arbha an gineadach traidisiúnta in Ultaibh.
  • as miosúr, as pabhar as cuimse, an-, as compás
  • barraíocht an iomarca
  • bealach á úsáid mar réamhfhocal: d'amharc sé bealach na farraige = bhreathnaigh sé i dtreo na farraige. Bealach mór a thugtar ar an mbóthar nó ar an ród i nGaeilge Uladh.
  • briseadh sóinseáil airgid
  • bunadh na háite muintir (dhúchasach) na háite
  • caidé an scór, cad é an scór cén fáth, cad chuige. Caidé an scór a bhfuil tú ag tabhairt masla iomarcach domhsa, cha ndearna mise a dhath ort. ("Faoi Scáth na Mucaise", lch. 55) "Cén fáth a bhfuil tú ag tabhairt masla iomarcach domsa, ní dhearna mise dochar ar bith duit."
  • caochlócaochlódh, gin. caochlóidh claochlú, athrú
  • cleiteáil cniotáil
  • cuid: deirtear mo chuid airgid, do chuid óir agus a leithéid i ngach Gaeltacht, ach i gCúige Uladh, d'fheicfeá cuid óir an tsagairt, cuid arbha an phobail agus a leithéid sa litríocht féin, in áit "ór an tsagairt", "arbhar an phobail".
  • cuifealán cruinneagán de dhaoine (leagan é seo den fhocal comhthiolán, comhthionól)
  • conáilte préachta (le fuacht), fuar feannta
  • conamar smidiríní
  • cruógaí: seo an chuma atá ar an bhfocal crua-aenna i gcanúint Uladh. Níl baint dá laghad aige le cruóg Ghaeilge Chonnachta, a chiallaíonn práinn, géarghá, éigeandáil.
  • dearnaid dreancaid
  • druid (ainmfhocal briathartha: drud, agus ní druidim) a úsáidtear in Ultaibh in áit dún: druid an doras in áit dún an doras, mar shampla. Deirtear teannadh isteach in áit druidim isteach (= teacht níos cóngaraí) i gcanúint Uladh.
  • fosta freisin
  • gaibhte, gaite gafa
  • gaosán srón
  • gasta tapa, luath. Go géar gasta a deirtear go minic lena rá go bhfuil an-luas, an-siúl, faoi dhuine nó faoi rud.
  • biadh a ghiollacht (giollaigh!) bia a sholáthar, a chócaráil, a ghléasadh
  • ghoil, ag goil: sa chiall "dul", úsáidtear an leagan seo, agus é measctha as dul agus gabháil. Bíonn sé buanséimhithe, mura bhfuil ag ag teacht roimhe. Níl an fhoirm seo teoranta do Ghaeilge Uladh amháin, mar is léir do chách a d'fhoghlaim Gaeilge Chonamara ón leabhar úd Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail.
  • inse insint; ag toiseacht is ag inse ag tosú ag insint
  • iompóiompódh, gin. iompóidh iompú, tiontú
  • maistín bithiúnach nó bligeard óg, ar nós stócach atá ag déanamh bulaíochta ar a chuid comhscoláirí - nó ag maistíneacht orthu
  • míodún móinéar. Focal iasachta é seo ó meadow an Bhéarla.
  • moll carn, ailp: moll cloch carn cloch, moll airgid slám maith airgid
  • monamar monabhar
  • muintearas gaol; duine muinteartha gaol, duine gaolmhar
  • muintir: Is minic a chloisfeá an ceann seo sa chiall "cinn", Béarla "(the) ones": is fearr liom na milseáin dearga ná an mhuintir bhána is fearr liom na milseáin dearga ná na cinn bhána. Tabhair faoi deara gurbh é iolra na haidiachta a úsáidtear ar lorg an ainmfhocail seo sa chiall seo. Cf. an mhuintir óga = na daoine óga, an t-aos óg.
  • murlas maicréal
  • oirnéis uirlis
  • pabhar: tá sé as pabhar mór tá sé an-mhór, tá sé iontach mór
  • rioballruball eireaball
  • sampla: is ionann an sampla bocht agus an créatúr bocht i nGaeilge Uladh.
  • sásta: Úsáidtear an focal seo sa chiall compordacháisiúil freisin, siúd is go bhfuil an ghnáthchiall ag dul leis in Ultaibh féin.
  • scaifte scata
  • sceadamán scornach
  • scíste scíth
  • séala: ar shéala rud a dhéanamh le rud a dhéanamh: tháinig mé anseo ar shéala an rud seo a dhéanamh tháinig mé anseo, agus an rún agam an rud seo a dhéanamh. Ar an tséala sin a tháinig mé anseo. Sin é an fáth ar tháinig mé anseo. Sin é an tuige ar tháinig mé anseo.
  • seanbhaileseanbhailéad a dhéanamh de scéal, is ionann sin agus paidir chapaill a dhéanamh de, is é sin, an-fhad agus an-leadrán a bhaint as an scéal.
  • smigead smig
  • spliúchán sparán
  • tír mór an mhórthír. Ní chuirtear alt ar bith leis an teilgean cainte tír mór sa chanúint, ná séimhiú air. Tháinig beirt fhear de bhunadh an oileáin ar cuairt ar tír mór.
  • toisigh/toiseacht tosaigh/tosú
  • treaspac sparán. Is ar éigean a chloisfeá an focal seo in Ultaibh inniu: focal de chuid chanúint Lár Thír Chonaill é. Spliúchán an focal a bhí ag Micí Mac Gabhann ar an sparán.
  • tuigbheáil, tuigse tuiscint

Leabhair i nGaeilge Uladh

  • MAC A' BHAIRD, Proinsias: Cogar san Fharraige. Scéim na Scol in Árainn Mhóir, 1937-1938. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (béaloideas) Árainn Mhór
  • MAC CIONAOITH, Maeleachlainn: Seanchas Rann na Feirste - Is fann guth an éin a labhras leis féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005 (béaloideas) Rann na Feirste
- Slán Leat, a Mhaicín. Úrscéal do Dhaoine Óga. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998 (úrscéal) Na Rosa
  • MAC GABHANN, Micí: Rotha Mór an tSaoil. Seán Ó hEochaidh a scríobh, Proinsias Ó Conluain a chuir in eagar. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996/1997 (dírbheathaisnéis) Ulaidh
  • MAC GIOLLA DOMHNAIGH, Gearóid agus Gearóid STOCKMAN (Eag.): Athchló Uladh. Comhaltas Uladh, Béal Feirste 1991 (béaloideas) Oirthear Uladh: Aontroim, Reachrainn
- Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile. An Gúm, Baile Átha Cliath 1986 (aistí) Na Rosa
- Dá mBíodh Ruball ar an Éan. An Gúm, Baile Átha Cliath 1992 (úrscéal gan chríochnú) Na Rosa
- Mo Bhealach Féin. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997 (dírbheathaisnéis) Na Rosa
- An Dara Mám. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991 (gearrscéalta) Lár Thír Chonaill
- An Tríú Mám. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992 (aistí) Lár Thír Chonaill
- Cnuasach Céad Conlach. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1989 (béaloideas) Lár Thír Chonaill
  • McGLINCHEY, CHARLES: An Fear Deireanach den tSloinneadh. Patrick Kavanagh a bhreac síos. Eag. Desmond Kavanagh agus Nollaig Mac Congáil. Arlen House, Gaillimh 2002 (dírbheathaisnéis) Inis Eoghain
  • NIC AODHÁIN, Medhbh Fionnuala (Eag.): Báitheadh iadsan agus tháinig mise. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 (finscéalta) Tír Chonaill
  • NIC GIOLLA BHRÍDE, Cáit: Stairsheanchas Ghaoth Dobhair. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996/1997 (seanchas, béaloideas, cuimhní cinn) Na Rosa
  • Ó BAOIGHILL, Pádraig: An Coileach Troda agus scéalta eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 (gearrscéalta) Na Rosa
- Óglach na Rosann. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (beathaisnéis) Na Rosa
- Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Fhinne. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994 (aistí beathaisnéise) Na Rosa
- Nally as Maigh Eo. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998 (beathaisnéis) Na Rosa
- Gaeltacht Thír Chonaill - Ó Ghleann go Fánaid. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000 (seanchas áitiúil) Na Rosa
- Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001 (gearrscéalta) Na Rosa
- Ceann Tìre/Earraghàidheal. Ár gComharsanaigh Ghaelacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003 (leabhar taistil)
- Amhráin Hiúdaí Fheidhlimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste. Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar, Mánus Ó Baoill a chóirigh an ceol. Preas Uladh, Muineachán 2001
- Gasúr Beag Bhaile na gCreach. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2004
- (Eag.) Faoi Scáth na Mucaise. Béaloideas Ghaeltachtaí Imeallacha Thír Chonaill. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005
  • Ó BAOILL, Dónall P. (Eag.): Amach as Ucht na Sliabh, Imleabhar 1. Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Gaoth Dobhair 1992 (béaloideas) Gaoth Dobhair
- ...Imleabhar 2. Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair i gcomhar le Comharchumann Forbartha Gh. D. Gaoth Dobhair 1996 (béaloideas) Gaoth Dobhair
  • Ó COLM, Eoghan: Toraigh na dTonn. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (cuimhní cinn, stair áitiúil) Toraigh/Machaire an Rabhartaigh
  • Ó DONAILL, Eoghan: Scéal Hiúdaí Sheáinín. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997 (beathaisnéis agus béaloideas) Na Rosa
  • Ó DONAILL, Niall: Na Glúnta Rosannacha. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1974 (stair áitiúil) Na Rosa
- Seanchas na Féinne. An Gúm, Baile Átha Cliath 1998 (miotaseolaíocht) Na Rosa
  • Ó GALLCHÓIR, Tomás: Séimidh agus scéalta eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996 Na Rosa
  • Ó GRIANNA, Séamus (= "Máire"): Caisleáin Óir. Cló Mercier, Baile Átha Cliath 1994 (úrscéal) Na Rosa
- Castar na Daoine ar a Chéile. Scríbhinní Mháire 1. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal, altanna) Na Rosa
- Cith is Dealán. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1994 (gearrscéalta) Na Rosa
- Cora Cinniúna 1-2. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993 (gearrscéalta) Na Rosa
- Cúl le Muir agus scéalta eile. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1961 (gearrscéalta) Na Rosa
- Na Blianta Corracha. Scríbhinní Mháire 2. Eagarthóir: Nollaig Mac Congáil. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2003 (altanna) Na Rosa
- Nuair a Bhí Mé Óg. Cló Mercier, Baile Átha Cliath agus Corcaigh 1986 (dírbheathaisnéis) Na Rosa
- An Sean-Teach. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1968 (úrscéal) Na Rosa
- Tairngreacht Mhiseoige. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal) Na Rosa
  • Ó LAIGHIN, Donnchadh C.: An Bealach go Dún Ulún. Scéalta Seanchais agus Amhráin Nuachumtha as Cill Charthaigh. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 Cill Charthaigh
  • Ó SEARCAIGH, Cathal: Seal i Neipeal. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara 2004 (leabhar taistil) Gort an Choirce
  • Ó SEARCAIGH, Séamus: Beatha Cholm Cille. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997 Na Rosa
- Laochas - Scéalta as an tSeanlitríocht. An Gúm, Baile Átha Cliath 1945/1984/1996 (miotaseolaíocht) Na Rosa
  • SCIAN A CAITHEADH LE TOINN Scéalta agus amhráin as Inis Eoghain agus cuimhne ar Ghaeltacht Iorrais. Cosslett Ó Cuinn a bhailigh, Aodh Ó Canainn agus Seosamh Watson a chóirigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1990 (béaloideas) Tír Eoghain
  • UA CNÁIMHSÍ, Pádraig: Idir an Dá Ghaoth. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1997 (stair áitiúil) Na Rosa

Naisc sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR