An difríocht idir athruithe ar: "Cailciam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17: Líne 17:

Imoibreoidh an miotal leis an uisce, ionas go saorfaidh sé móilíní hidrigine H<sub>2</sub> as agus é féin ag dul isteach i bhfoirm ian Ca<sup>2+</sup>. Arís, áfach, bíonn an t-imoibriúchán seo mall go leor ag teacht i gcrann más smután mór cailciam atá i gceist, ó thagann brat hiodrocsaíde Ca(OH)<sub>2</sub> idir an miotal agus an t-uisce, agus níl an hiodrocsaíd seo sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear púdar cailciam san uisce, áfach, beidh an t-imoibriúchán i bhfad níos fíochmhaire.

Bíonn na salainn chailciam sothuaslagtha san uisce. Is eisceachtaí iad an hiodrocsaíd (an t-aol teilgthe), an tsulfáit CaSO<sub>4</sub> (an gipseam), an charbónáit CaCO<sub>3</sub> (an aolchloch) agus na fosfáití.

Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an gcailciam, mar atá, cailciam 40 (96.941 % de chailciam an dúlra), cailciam a 42 (0.647 %), cailciam a 43 (0.135 %), agus cailciam a 44 (2.086 %). Yhairis sin, tá dhá iseatóp nádúrtha radaighníomhacha ann, agus iad chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin: cailciam a 46 (0.004 %) agus cailciam a 48 (0.187 %).

[[Catagóir:Cailciam]]
[[Catagóir:Cailciam]]

Leagan ó 01:48, 15 Eanáir 2012

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an cailciam dúil cheimiceach uimhir 20. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ca. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é, agus mar sin, is miotal réasúnta bog é - níl sé chomh bog leis an luaidh, ach is féidir é a ghearradh le scian. Tá sé ar an gcúigiú dúil is líonmhaire i screamh an Domhain, de réir na maise. Tá an cailciam ar an gcúigiú hian is coitianta dá bhfuil tuaslagtha in uisce na bhfarraigí, de réir na mólarachta agus na maise i ndiaidh an tsóidiam Na+, na clóiríde Cl-, an mhaignéisiam Mg2+ agus na sulfáite SO42-.

Riachtanas é an cailciam (nó an t-ian cailciam Ca2+) do na beothaigh, go háirithe i bhfiseolaíocht na gceall, nó nuair a bhíonn na hiain chailciam ag bogadh isteach nó amach as cíteaplasma na cille, is comhartha tábhachtach é dá lán de na próisis a bhíonn ar siúl sa chill. Cailciam atá i gcuid mhaith de na cnámha freisin.

Miotal imoibríoch é an cailciam, is é sin, is dual dó dul i gcomhdhúile leis na dúile eile go réidh, agus mar sin, ní mór dul i dtuilleamaí leictrealú leis an gcailciam miotalach a bhaint as na salainn chailciam. Tiocfaidh brat ocsaíde ar an gcailciam go sciobtha má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. Is féidir é a chur trí thine fosta, ach ní ghlacfaidh smutáin mhóra chailciam tine go furasta, ach nuair a rachaidh an lasair ann, beidh sé á dhó agus bladhaire geal flannbhuí nó deargbhuí as.

Imoibreoidh an miotal leis an uisce, ionas go saorfaidh sé móilíní hidrigine H2 as agus é féin ag dul isteach i bhfoirm ian Ca2+. Arís, áfach, bíonn an t-imoibriúchán seo mall go leor ag teacht i gcrann más smután mór cailciam atá i gceist, ó thagann brat hiodrocsaíde Ca(OH)2 idir an miotal agus an t-uisce, agus níl an hiodrocsaíd seo sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear púdar cailciam san uisce, áfach, beidh an t-imoibriúchán i bhfad níos fíochmhaire.

Bíonn na salainn chailciam sothuaslagtha san uisce. Is eisceachtaí iad an hiodrocsaíd (an t-aol teilgthe), an tsulfáit CaSO4 (an gipseam), an charbónáit CaCO3 (an aolchloch) agus na fosfáití.