An difríocht idir athruithe ar: "David Trimble"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: eu:David Trimble
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: gl:David Trimble
Líne 49: Líne 49:
[[fr:David Trimble]]
[[fr:David Trimble]]
[[gd:Daibhidh Trimble]]
[[gd:Daibhidh Trimble]]
[[gl:David Trimble]]
[[he:דייוויד טרימבל]]
[[he:דייוויד טרימבל]]
[[hu:David Trimble]]
[[hu:David Trimble]]

Leagan ó 22:53, 12 Eanáir 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea William David Trimble, an Barún Trimble, PC (an 15 Deireadh Fómhair 1944 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) ó 1995 go 2005, agus Céad Aire Tuaisceart Éireann ó 1998 go 2002. Rinneadh tiarna saoil de i dTeach na dTiarnaí ar an 6 Meitheamh 2006. D'fhógraigh sé ar an 17 Aibreán 2007 go dtabharfadh sé cúl leis an bPáirtí Caomhach.

Saol

Cháiligh sé mar abhcóide i 1968 i mBéal Feirste. I 1974, i rith Stailc Oibrithe Uladh, d'oibrigh mar chomhairleoir dlíthiúil do Chomhairle Oibrithe Uladh, a bhí faoi smacht Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA). I 1975, bhí Trimble ina chomh-cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Forásach Urgharda (VPUP), in éineacht le Glenn Barr ón UDA. Cruthaigh William Craig an VPUP chun stop a chur le cumhachtroinnt le náisiúnaithe i rialtas Tuaisceart Éireann. Ag an am seo freisin, bhí sé ag scríobh ailt don iris UVF, Combat.

Chuaigh sé isteach sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) i 1978. I ndiaidh paráid na nOráisteach i 1997, nuair a chuir an Constáblacht Ríoga Uladh ruaig ar na Caitlicigh áitiúla as an mBóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha, bhí Trimble agus Ian Paisley ag ceiliúradh an bua a bhí acu. Go luath tar éis seo, bhuaigh sé an rás le ceannasaíocht an UUP.

Sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aon de réir a obair le síocháin i dTuaisceart Éireann a bhaint amach.