An difríocht idir athruithe ar: "Donal Lunny"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Alpha
Líne 28: Líne 28:


== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==
[[Íomhá: Donal_Lunny-www.TG4.ie-855950503_87dd5a3b7b.jpg|thumb|border|right|[http://www.youtube.com/watch?v=GrLr_PP4MME Clár ] ó [[TG4]] ]]
* [http://www.xs4all.nl/~hspeek/bouzouki/lunny.html Liosta de na grúpaí agus na ceirníní, chomh maith leis na cláir teilifíse a rinne Donal Lunny]
* [http://www.xs4all.nl/~hspeek/bouzouki/lunny.html Liosta de na grúpaí agus na ceirníní, chomh maith leis na cláir teilifíse a rinne Donal Lunny]



Leagan ó 00:15, 12 Eanáir 2012

Teimpléad:Bosca sonraí ceoltóir Ceoltóir Éireannach é Donal Lunny (rugadh é ar an 10 Márta, 1947) a tógadh sa Droichead Nua i gCill Dara.

A shaol

Chuir sé spéis sa cheol ó bhí sé an-óg, agus bhunaigh sé The Rakes of Kildare lena chara Christy Moore agus Frank Moore, deartháir Christy. Sheinn Donal an giotár, bhí Christy ag canadh agus sheinn Frank an fheadóg stáin. Tamall ina dhiaidh sin chuaigh Lunny leis an ngrúpa Emmett Spiceland. Thug Andy Irvine bouzouki1970 agus spreagadh é chun triail a bhaint as bealaí úra chun ceol Gaelach a sheinm. Chruthaigh sé a stíl cheoil féin agus ó shin i leith bhí baint aige le cuid mhór de na grúpaí agus na ceoltóirí is cáiliúla in Éirinn. Sheinn sé le Christy Moore ar na gceirnín Prosperous, 1971, agus tamall ina dhiaidh sin cuireadh an grúpa Planxty le chéile, le Donal Lunny, Christy Moore, agus Liam Óg Ó Floinn. Bhí an-cháil ar an ngrúpa ar feadh na mblianta agus mheall siad na sluaite chun an cheoil in Éirinn agus thar lear. Ach níor aontaigh baill an ghrúpa le chéile agus d'fhág Lunny, cé go raibh baint aige le léiriú a gcuid ceirníní go fóill.

Tháinig grúpa ceoltóirí le chéile i 1975 chun comóradh 21 bliain a dhéanamh ar Cheirníní Ghael Linn, seachtar de na ceoltóirí is fearr sa tír ag an am. Tugadh an Bothy Band orthu agus chuaigh a gcáil ar fud an domhain. Bhunaigh Lunny lipéad ar leith chun ceirníní an ghrúpa seo a eisiúint, Mulligan, agus bhí bouzouki Lunny le cloisteáil go binn orthu. Nuair a scar na ceoltóirí la chéile tar éis roinnt blianta bhí Donal Lunny ag seinm le Kevin Burke i Midnight Well, agus ó 1977 i leith bhí sé páirteach le go leor grúpaí agus ceoltóirí aonair eile, agus bhí a thionchar le aithint ar na ceirníní iomadúla a léirigh sé ar feadh na mblianta.

Bhí deireadh leis an Bothy Band faoi 1979 ach ansin tháinig Planxty le chéile arís agus rinneadh trí cheirnín eile. Rinneadh ceirnín speisialta chun cabhrú le teaghlaigh na stailceoirí ocrais i 1980.

Scar Christy agus Donal le chéile arís agus bhunaigh Lunny Moving Hearts, grúpa eile a raibh an-cháil air agus an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil in Éirinn. Bhain níos mó polaitíochta le hamhráin an ghrúpa seo, agus bhí tionchar láidir ag an gceol comhaimseartha rac ar a chuid ceoil. Timpeall cúig bliana a mhair Moving Hearts. Ó shin i leith dhírigh Lunny ar a chuid oibre mar léiritheoir. Tá [[[Christy Moore]] féin, Clannad, Planxty, Albert Fry, Altan agus mórán ealaíontóirí traidisiúnta eile faoi chomaoin mhór aige de bharr a ndearna sé chun a gcuid ceoil a chur os comhair an tsaoil mhóir.

Naisc sheachtracha

Clár ó TG4