An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 16: Líne 16:
[[Image:DNA Overview2.png|thumb|deas|140px|upright|[[DNA]], móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.]]
[[Image:DNA Overview2.png|thumb|deas|140px|upright|[[DNA]], móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.]]


===Géineolaíocht chlasaiceach agus Mendelach===
===Géineolaíocht chlasaiceach agus Mhendelach===


D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Johann Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.
D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Johann Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.

Leagan ó 22:52, 6 Eanáir 2012

Tá léargas sách simplí le fáil ar an ábhar seo ag Bunús na géineolaíochta.

Is disciplín bitheolaíochta í an Ghéineolaíocht (ón Sean-Ghréigis γενετικός genetikos, "ginideach" agus ó γένεσις genesis "bunús" [1][2][3]), ina ndéantar staidéar ar oidhreacht agus éagsúlachtaí.[4][5]

Is éard is ábhar don ghéineolaíocht struchtúr móilíneach agus feidhmiú na ngéinte, agus iompar na ngéinte i gcill nó in orgánach (e.g. ceannas agus eipigéineolaíocht), patrúin oidhreachta, agus dáileadh, malartú agus athrú i bpobail. Is féidir tairbhe a bhaint as an ngéineolaíocht agus staidéar á dhéanamh ar na córais bheo go léir – víorais, baictéirí, plandaí, ainmhithe, daoine agus eile.

Síleadh riamh anall go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht agus gur féidir tairbhe a bhaint as seo chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe. Ach ba é Gregor Mendel ba thúisce a rinne taighde eolaíoch ar an oidhreachtúlacht, obair a thosaigh i lár an 19ú haois. [6] Cé nár thuig sé bunús fisiciúil na hoidhreachta, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht trí aonaid oidhreachtúla a dtugtar géinte orthu anois.

Freagraíonn géinte do réigiúin laistigh den DNA, móilín atá déanta de shlabhra de cheithre shaghas de núicléitídí. An t-eolas géiniteach a fhaigheann orgánaigh le hoidhreacht tá sé le fáil i seicheamh na núicléitídí. Tá dhá dhual ag DNA ó nádúr agus núicléitídí ar gach dual a oireann dá chéile. Is féidir le gach dual a bheith ina theimpléad chun dual nua a chumadh, rud a ligeann do na cealla cóip a dhéanamh de ghéinte inoidhreachta.

Tiontaíonn cealla seicheamh na núicléitídí i ngéin chun slabhra aimínaicéad a dhéanamh agus próitéiní a chruthú: tá ord na n-aimínaicéad i bpróitéin de réir ord ord na núicléitídí i ngéin, rud a dtugtar an cód géiniteach air. Socraíonn aimínaicéid na próitéine cén chaoi a dtarraingíonn sí cruth tríthoiseach uirthi féin, agus cuireann an struchtúr sin an phróitéin ag feidhmiú ar shlí áirithe. Is iad na próitéiní a dhéanann beagnach gach rud a choinníonn na cealla beo. Féadann athrú ar DNA i ngéin aimínaicéid na próitéine a athrú chomh maith, rud a fhágann a rian ar a cruth agus ar a feidhm: d’fhéadfadh sin dul i bhfeidhm go mór ar an gceall agus ar an orgánach féin.

Cé gur mór an bhaint atá ag na géinte le cruth agus le hiompar orgánach, ní mór taithí na n-orgánach a chur san áireamh freisin chun an scéal iomlán a thuiscint.

Stair

DNA, móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.

Géineolaíocht chlasaiceach agus Mhendelach

D’eascair an ghéineolaíocht ó obair Gregor Johann Mendel, eolaí agus Agaistíneach a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an Naturforschender Verein (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaticiúil. [7] Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.

Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é William Bateson, duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal genetics sa bhliain 1905.[8][9] (Tháinig genetic mar aidiacht roimh an ainmfhocal agus baineadh den fhocal Gréigise genesis—γένεσις ("bunús") é. Úsáideadh é den chéad uair i gciall bhitheolaíoch sa bhliain 1860.) Ba é Bateson a chuir an focal genetics i mbéal an phobail agus é ag tabhairt cainte i láthair an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Hibridiú Plandaí i Londain sa bhliain 1906.[10]

Thosaigh eolaithe ag obair faoi anáil Mendel agus iad ag iarraidh teacht ar na móilíní sa chill a bhí freagrach as oidhreacht. Sa bhliain 1910 mhaígh Thomas Hunt Morgan go bhfuil géinte ar chrómasóim agus é ag cuimhneamh ar shóchán súile báine a bhain le gnéas i gcuileanna torthaí (Drosophila melanogaster).[11] Sa bhliain 1913 bhain a dhalta Alfred Sturtevant feidhm as an nascadh géiniteach chun a thaispeáint go bhfuil géinte cóirithe ina línte ar an gcrómasóm.[12]

Réimsí taighde

Amlíne

Leathanaigh eile

Tagairtí

  1. Genetikos, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
  2. Genesis, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
  3. Online Etymology Dictionary
  4. "An Introduction to Genetic Analysis" (2000). New York: W. H. Freeman. 
  5. Hartl D, Jones E (2005)
  6. "Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884." (1991). American journal of medical genetics 40 (1): 1–25; discussion 26. doi:10.1002/ajmg.1320400103. PMID 1887835. 
  7. Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html
  8. genetics, n., Oxford English Dictionary, 3rd ed.
  9. http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.
  10. Bateson, W.. ‘The Progress of Genetic Research,’ Wilks, W. (eag.), Report of the Third 1906 International Conference on Genetics: Hybridization (the cross-breeding of genera or species), the cross-breeding of varieties, and general plant breeding. Royal Horticultural Society, London, 1907.
  11. Moore, John A.. ‘Thomas Hunt Morgan—The Geneticist,’ Integrative and Comparative Biology, Volume 23, Issue 4, 1983, lch 855
  12. Sturtevant, A.H. (1913). ‘The linear arrangement of six sex-linked factors in Drosophila, as shown by their mode of association,’ Journal of Experimental Biology, Volume 14, lgh 43–59: http://www.esp.org/foundations/genetics/classical/holdings/s/ahs-13.pdf

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR