An difríocht idir athruithe ar: "Platanam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Bot: en:Platinum is a good article
No edit summary
Líne 10: Líne 10:
}}
}}


Is é an '''platanam''' dúil a 78 i d[[tábla peiriadach]] na ndúl, agus is é an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''[[conquistadores]]'' Spáinneacha a bhí ag creachadh [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] ar lorg [[ór|óir]] agus [[Airgead (dúil)|airgid ghil]], agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.
Is é an '''platanam''' dúil a 78 i d[[tábla peiriadach]] na ndúl, agus is é an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná '''Pt'''. Fuair sé a ainm ó na ''[[conquistadores]]'' Spáinneacha a bhí ag creachadh [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] ar lorg [[ór|óir]] agus [[Airgead (dúil)|airgid ghil]], agus ba nós leo ''platina'' nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha, nó tá sé suaithní ar fad chomh réidh is a ólann sé isteach hidrigin. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.


Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an ''aqua regia'' (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an ''aqua regia'', déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl<sub>6</sub><sup>2-</sup>) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.
Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm<sup>3</sup> ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-''aqua regia'' (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an ''aqua regia'', déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl<sub>6</sub><sup>2-</sup>) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.


Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go [[oismiam|hoismiam]]. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.
Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go [[oismiam|hoismiam]]. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.


Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4, ach go ginearálta, is dúil thámh í nach bhfuil araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Úsáidtear an cis-phlatanam, comhdhúil choimpléascach ina bhfuil dhá mhóilín amóinia agus dhá adamh clóirín nasctha den adamh platanaim i lár an iomláin, - úsáidtear an chomhdhúil seo sa cheimiteiripe leis na cealla ailse a mharú.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4.


[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]

Leagan ó 19:15, 6 Eanáir 2012

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an platanam dúil a 78 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná Pt. Fuair sé a ainm ó na conquistadores Spáinneacha a bhí ag creachadh Mheiriceá Theas ar lorg óir agus airgid ghil, agus ba nós leo platina nó "airgidín", "airgead beag" a thabhairt air. Ar dtús, níor thuig siad gur miotal luachmhar a bhí ann. Inniu, áfach, tá an-ráchairt ar an bplatanam, nó tá sé chomh húsáideach agus atá sé tearc sa dúlra. Úsáidtear é i ndéantús na soithí saotharlainne agus i gcatalú na n-imoibrithe ceimiceacha, nó tá sé suaithní ar fad chomh réidh is a ólann sé isteach hidrigin. Thairis sin, tá sé níos oiriúnaí don tseodóireacht ná miotail eile an ghrúpa.

Miotal geal é an platanam, agus is furasta é a shaoirsiniú, cosúil leis an ór. Ar nós na miotal platanamchosúil go léir, tá sé iontach trom, 21.45 g/cm3 ar dlús. Tá sé díonta go leor ar a lán ocsaídeoirí, ach tuaslagann an t-aqua regia (meascán an aigéid nítrigh agus an aigéid hiodraclóraigh) é, mar a thuaslagann sé an t-ór. Nuair a imoibreoidh an platanam leis an aqua regia, déanfar ian coimpléascach, heicseaclóraphlatanáit, de (PtCl62-) - is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bplatanam san ian seo ná +4.

Tá an platanam nádúrtha comhdhéanta as sé iseatóp: Pt-190 (0.014 % de phlatanam an dúlra), Pt-192 (0.782 %), Pt-194 (32.967 %), Pt-195 (33.832 %), Pt-196 (25.242 %), agus Pt-198 (7.163). Raidiseatóp é Pt-190, an ceann is teirce acu, nó tagann alfa-mheath air, agus é ag claochlú go hoismiam. Tá leathré chomh fada aige agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht - 650,000,000,000 bliain. Le fírinne, is dócha go bhfuil Pt-198 radaighníomhach freisin, ach tá a leathré i bhfad níos faide fós, ionas gur féidir dearcadh air mar núiclíd chobhsaí.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4, ach go ginearálta, is dúil thámh í nach bhfuil araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Úsáidtear an cis-phlatanam, comhdhúil choimpléascach ina bhfuil dhá mhóilín amóinia agus dhá adamh clóirín nasctha den adamh platanaim i lár an iomláin, - úsáidtear an chomhdhúil seo sa cheimiteiripe leis na cealla ailse a mharú. Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Link GA