An difríocht idir athruithe ar: "Emiliano Zapata"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: he:אמיליאנו ספאטה
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: fa:امیلیانو ساپاتا
Líne 43: Líne 43:
[[es:Emiliano Zapata]]
[[es:Emiliano Zapata]]
[[eu:Emiliano Zapata]]
[[eu:Emiliano Zapata]]
[[fa:امیلیانو زاپاتا]]
[[fa:امیلیانو ساپاتا]]
[[fi:Emiliano Zapata]]
[[fi:Emiliano Zapata]]
[[fr:Emiliano Zapata]]
[[fr:Emiliano Zapata]]

Leagan ó 13:26, 4 Eanáir 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Duine

Bhí Emiliano Zapata Salazar, a rugadh ar an 8 Lúnasa 1879 in Anenecuilco (stát Morelos) agus a maraíodh ar an 10 Aibreán 1919 i Chinameca sa stát chéanna, ar na ceannairí ba tábhachtaí i Réabhlóid Mheicsiceo in aghaidh an deachtóra Porfirio Díaz sa bhliain 1910.

Saol

Rugadh faoin tuath é, ach ní raibh sé chomh bocht leis an gcuid is dearóile de mhuintir na tuaithe, agus bhí ról ceannasach aige ina phobal féin sula ndeachaigh sé leis an réabhlóid. Cé go raibh sé féin réasúnta sócúlach, luigh a chroí le cosmhuintir Anenecuilco, agus theastaigh uaidh buille a bhualadh ar a son siúd. Eisean a d'earcaigh Arm Fuascailte an Deiscirt, fórsa tábhachtach réabhlóideach, agus bhí sé féin ina ghinearál ar an bhfórsa seo, freisin. Dá réir sin, thugtaí El Caudillo del Sur, "Taoiseach an Deiscirt", air.

Thaobhaigh Zapata le Francisco Madero, a bhí ag iarraidh Díaz a chloí, ach nuair a d'éirigh le Madero an deachtóir a ruaigeadh, ní raibh sé féin sásta an cineál leasuithe radacacha a chur i gcrích a bhí ag teastáil ó Zapata. Chuaigh Zapata chun cogaidh le tailte a bhaint amach do na bochtáin, agus bhain Madero mealladh as, ó nach raibh athroinnt chuimsitheach na dtailte ar a chlár oibre féin. I ndeireadh na bliana 1911, d'éalaigh Zapata go dtí na sléibhte le gluaiseacht réabhlóideach nua a thosú.

Sa bhliain 1913, dúnmharaíodh Francisco Madero, agus tháinig Victoriano Huerta i gcomharbas air. Rinne Huerta iarrachtaí le síocháin a shocrú le Zapata, ach ní raibh Zapata sásta comhoibriú "leo siúd a mharaigh Madero", mar a dúirt sé - cé gur chaith sé féin tréimhse ag cur cogaidh ar Madero. Nuair a tháinig Venustiano Carranza i gcomharbas ar Huerta mar Uachtarán, níor thug Zapata aitheantas dó ach an oiread: thaobhaigh sé le Francisco "Pancho" Villa, taoiseach míleata an Tuaiscirt, agus thacaigh an bheirt le hEulalio Gutiérrez mar Uachtarán sealadach.

D'éirigh le Carranza, áfach, sluaite Villa a chur ag cúlú, agus sa bhliain 1916, bhris a chuid trúpaí an cath ar Zapata ina lán áiteanna. Nuair a maraíodh Zapata i luíochán ar an 10 Aibreán 1919, ní raibh ann ach taoiseach treallchogaíochta a raibh na trúpaí ag rith gann air.

Oidhreacht

Mar sin féin, i ndiaidh a bháis, d'iompaigh sé ina naomh i súile na mbochtán, agus scríobh duine acu na focail seo ar chros a uaighe: Níl ach marbhán éigin ina luí anseo. Ní anseo atá Zapata. Mhair Arm Fuascailte an Deiscirt ag troid tréimhse mhaith i ndiaidh bhás Zapata, agus sa bhliain 1994, tháinig gluaiseacht fhuascailte nua ar an bhfód i measc na mbocht i ndeisceart na tíre a luann Zapata mar réalta eolais: na Zapatistas, nó Ejército Zapatista de Liberación Nacional ("Arm Zapatista na Fuascailte Náisiúnta").

Chuir finscéal Zapata - an treallchogaí dochloíte - an oiread draíochta ar na daoine taobh amuigh de Mheicsiceo féin is go ndearna an stiúrthóir Elia Kazan scannán faoina shaol, Viva Zapata!, sa bhliain 1952. Ba é Marlon Brando a chonacthas i ról Zapata féin. Bhí an scannán bunaithe ar an tuiscint gur réabhlóidí simplí a bhí i Zapata nach raibh ach ag iarraidh cothrom féinne a bhaint amach do na bochtáin, agus nach raibh na ceannairí réabhlóideacha eile ach ag glacadh buntáiste ar Zapata lena sainleas féin a chur chun cinn. Is é an cur síos a thug an scannán ar Zapata ná gur scológ a bhí ann nach raibh ceá ná ciú aige - le fírinne, áfach, bhí cúlra meánaicme aige, agus é in ann scríbhneoireacht agus léitheoireacht a dhéanamh.