An difríocht idir athruithe ar: "Michel Tremblay"
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: eu:Michel Tremblay |
||
Líne 12: | Líne 12: | ||
[[en:Michel Tremblay]] |
[[en:Michel Tremblay]] |
||
[[eo:Michel Tremblay]] |
[[eo:Michel Tremblay]] |
||
[[eu:Michel Tremblay]] |
|||
[[fi:Michel Tremblay]] |
[[fi:Michel Tremblay]] |
||
[[fr:Michel Tremblay]] |
[[fr:Michel Tremblay]] |
Leagan ó 15:52, 30 Nollaig 2011
Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i Montréal, Québec, Ceanada i 1942 is ea Michel Tremblay. Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, Les Belles-Soeurs, faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Ina shaothar phróis (sa t-sraith Chroniques du Plateau Montreal)tugann sé léargas ar saol an mhionlaigh aeraigh i Montréal chomh maith, téama a thugann sé chun míntíreachais sna h-urscéalta Le Coeur Découvert agus Le Coeur Eclaté. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs attardés i 1966. Is iomaí gradam agus duais atá buaite aige ó shin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |