An difríocht idir athruithe ar: "Damhsa"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.6.3) (róbat ag suimiú: sn:Kudzana
m r2.5.4) (róbat ag suimiú: iu:ᒧᒥᖅᑐᖅ
Líne 73: Líne 73:
[[is:Dans]]
[[is:Dans]]
[[it:Danza]]
[[it:Danza]]
[[iu:ᒧᒥᖅᑐᖅ]]
[[ja:ダンス]]
[[ja:ダンス]]
[[jbo:dansu]]
[[jbo:dansu]]

Leagan ó 20:23, 21 Nollaig 2011

Ealaíon chorportha é an damhsa le gluaiseachtaí comhordaithe, a bhíonn rithimiúil de ghnáth agus á chleachtadh i bpáirt le ceol. Is ón bhfocal 'danse' sa bhFraincís a thagann an focal Gaeilge 'damhsa'. Tugtar 'rince' air freisin, agus deirtear gur ón seanrann Béarla do pháistí 'Ring a Ring a Rosy' a tháinig an focal sin.

Tá fianaise ann go raibh daoine ag damhsa ó thús ama, ó ré na seanchlochaoise i leith. Bhain an damhsa le deasghnátha, is é sin le rá, ba chineál teanga nó comharthaíochta é chun caidreamh a dhéanamh le cumhachtaí osnádúrtha. Bhítí ag damhsa chun an bháisteach a spreagadh, chun misneach a fháil roimh chath nó seilg, nó chun guí chuig na déithe. Is féidir leis an damhsa támhnéall a chur ar dhaoine freisin agus is cosúil go raibh an staid sin á lorg ag daoine ó thús ama chomh maith. De réir mar a tháinig creideamh eagraithe chun cinn chuaigh gnéithe deasghnácha an damhsa i léig, agus ba mar chaitheamh aimsire nó mar chuid den chaidreamh idir fhir agus mhná ag ócáidí sóisialta a leanadh den damhsa. Bhíodh daoine ag damhsa ag ócáidí ceiliúrtha agus féilte.

Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon san Eoraip le linn aimsir na hAthbheochana, faoi thionchar uaisle ar nós Catherine de Medici. Tháinig an damhsa chun cinn mar ealaíon chomh maith san Ind, sa Rúis, sa tSeapáin agus i ngach sibhialtacht eile ar domhan ag amanna éagsúla. Is é an Bailé (ballet) an damhsa is mó a bhfuil forbairt déanta air mar ealaíon i dtíortha an iarthair, go háirithe sa Rúis agus sa Fhrainc.

Tugtar Damhsa Gaelach ar dhamhsa a tháinig chun cinn in Éirinn ón ochtú haois déag i leith, faoi thionchar láidir na ndamhsaí a bhíodh ag na tiarnaí talún ina dtithe móra.

Tá 'damhsa ar an sean-nós' ann chomh maith agus téann foinsí an damhsa sin siar i bhfad go dtí an tréimhse réamhChríostaí.

Complachtaí damhsa