An difríocht idir athruithe ar: "Faireog thíoróideach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
HRoestBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: su:Kelenjar Tiroid
m Bot: de:Schilddrüse is a featured article
Líne 12: Líne 12:
[[Catagóir:Córas inchríneach]]
[[Catagóir:Córas inchríneach]]
[[Catagóir:An Ceann agus an muineál]]
[[Catagóir:An Ceann agus an muineál]]
{{Nasc AR|de}}


[[af:Skildklier]]
[[af:Skildklier]]

Leagan ó 14:10, 14 Nollaig 2011

An Fhaireog Thíoróideach

Is ceann de na faireoga incríneacha is mó sa chorp í an Fhaireog Thíoróideach. Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an Úill Bhráid agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an loingeán criocóideach. Tá sí ar chruth féileacáin agus tá sí lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as próitéiní a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do hormóin eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh ag baint úsáide as an iaidín, ach go háirithe tíorocsaín (T4) agus trí-iadaitíoróinín (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear iaidín agus tirisín chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgíonn an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin, a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam.

Rialú na Faireoige

Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an hipeatalamas agus an piotútach. Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach ) agus an hipitíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach ) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach. Teimpléad:Nasc AR